Fuair 51.9% de na daoine a rinne Gaeilge do na scrúduithe A-Leibhéal ó thuaidh ceann den dá ghrád is airde atá ann, A* agus A.
291 duine a rinne an scrúdú Gaeilge i mbliana, 1% den líon iomlán daoine a rinne na scrúduithe A-Leibhéal. Tháinig laghdú 12% ar líon na ndaoine a rinne Gaeilge i mbliana i gcomparáid le 2018, bliain ina ndearna 332 duine Gaeilge.
55.1% a fuair A* nó A anuraidh.
I mbliana rinne níos mó ná a dhá oiread cailíní ná buachaillí an scrúdú Gaeilge agus is fearr a d’éirigh leis na cailíní chomh maith.
Fuair 56.2 den 201 cailín a thug faoin scrúdú Gaeilge A* nó A. 90 buachaill a rinne Gaeilge don A-Leibhéal agus níos lú ná leath acu, 48.9%, a fuair ceann den dá ghrád is airde.
Ní raibh an bhearna idir na cailíní agus na buachaillí chomh mór sin anuraidh. In 2018 fuair 53.2% den 122 buachaill a rinne an scrúdú Gaeilge A* nó A. 210 cailín a rinne Gaeilge anuraidh agus fuair 56.2% acusan ceann den dá ghrád is airde.
I mbliana fuair 7.9% A*, an grád is airde, i gcomparáid le 9.6% anuraidh.
80.4% de na hiarrthóirí a fuair A*, A nó B sa Ghaeilge.
Thart ar 28,000 duine a fuair a torthaí A-Leibhéal nó AS-Leibhéal sna sé chontae.
Tháinig laghdú breis is 2% ar líon na ndaoine a thug faoi na scrúduithe A-Leibhéal i mbliana ach bhí laghdú i bhfad níos mó i gceist i gcás na Gaeilge agus na dteangacha eile, seachas an Spáinnis.
An dream a fuair a gcuid torthaí A-Leibhéal inné rinne siad scrúduithe an AS-Leibhéal anuraidh. In 2018 bhí 436 duine ag gabháil don Ghaeilge AS-Leibhéal, rud a fhágann nár lean 145 duine leis an nGaeilge A-Leibhéal.
I mbliana 397 duine atá ag gabháil don Ghaeilge AS-Leibhéal – 112 buachaill agus 285 cailín – rud a fhágann gur dócha go mbeidh titim eile ar líon na ndaoine a dhéanann an Ghaeilge don A-Leibhéal in 2020.
Maidir leis an Bhreatnais, rinne 259 duine sa Bhreatain an scrúdú Breatnaise do chainteoirí dúchais agus 348 a rinne an scrúdú d’fhoghlaimeoirí Breatnaise.