Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge agus ag saineolaí oideachais ar fhógra ar leathanach baile na Roinne Oideachais faoi cén áit le dul chun díolúine ón nGaeilge a fháil.
D’fhoilsigh an Roinn fógra ar a suíomh maidin inniu i gcruth agus i ndath bhrat na hÉireann agus ‘Irish Exemption, How and where to apply for an exemption from the study of Irish’ scríofa air.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur “teachtaireacht an-aisteach” a bhí sa bhfógra ar athraíodh an pictiúr ann tráthnóna.
Dúirt de Spáinn gur dheacair a thuiscint “cén ceangal atá idir brat na hÉireann agus an díolúine ón nGaeilge”.
“Bhí sé an-aisteach. An amhlaidh go bhfuil siad ag iarraidh daoine a mhealladh chun díolúine a fháil ó Éirinn, ó chultúr na hÉireann? Tá sé an-aisteach freisin go mbeifí ag fógairt na díolúine mar seo ar shuíomh na Roinne,” arsa Julian de Spáinn.
Dúirt an saineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ar Twitter gur chuir an fógra “alltacht” air.
Cuireann sé alltacht orm an úsáid atá á baint as brat na hÉireann le díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge a fhógairt @Education_Ire @o_duibhirp @sealbhu @tuairiscnuacht @Gaeloid @CnaG @DCU_IoE @tuairiscnuacht @AFPatrunachta @RTERnaG Do-chreidte! pic.twitter.com/z9D3rYS5Yg
— Pádraig Ó Duibhir (@o_duibhirp) September 6, 2019
Athraíodh tráthnóna an pictiúr sa bhfógra, atá ag babhtáil áite ar shuíomh na Roinne le fógra faoin mBreatimeacht agus fógra faoi chúrsaí párolla.
Níl an fógra don díolúine ar fáil in aon chur ar an leagan Gaeilge de shuíomh na Roinne Oideachais.
Pictiúr den Roinn Oideachais féin i Sráid Mhaoilbhríde atá anois sa bhfógra.