Tá Páirtí an Lucht Oibre agus an SNP in Westminster ag iarraidh parlaimint na Breataine a aisghairm i bhfianaise cinneadh cúirte go raibh sé in aghaidh an dlí í a chur ar fionraí.
De réir cinneadh a rinneadh sa chúirt achomhairc is airde in Albain ba shárú ar an dlí é ag Boris Johnson parlaimint na Breataine a chur ar fionraí. Dúirt Dominic Grieve, duine den 21 easaontóir sa pháirtí Caomhach a vótáil ar son cosc a chur ar an mBreatimeacht gan mhargadh, gur chóir do Johnson éirí as más amhlaidh gur chuir sé an Bhanríon ar mhíthreoir maidir lena chúiseanna an pharlaimint a chur ar fionraí.
Rialaigh painéal triúr breithiúna i gCúirt na Seisiún in Albain i bhfabhar an ghrúpa thraspháirtí a thug dúshlán Phríomh-Aire na Breataine.
Dúirt na breithimh gurbh é a bhí ar bun ag Johnson ná iarracht a dhéanamh cosc a chur ar an bparlaimint a cúram a dhéanamh agus an Breatimeacht a phlé.
Tá sé i gceist ag an Rialtas achomharc a dhéanamh sa Chúirt Uachtarach i gcoinne an bhreithiúnais.
B’amhlaidh gur chuir cinneadh an lae inniu i gCúirt na Seisiún ar ceal cinneadh eile a rinneadh sa chúirt chéanna an tseachtain seo caite nuair a rialaíodh nár sháraigh Johnson an dlí.
Ní léir go fóill cén tionchar a bheidh ag cinneadh an lae inniu ar thréimhse fionraíochta cúig seachtaine na parlaiminte ar cuireadh tús leis inné.
Nuair a d’fhógair Johnson an mhí seo caite go raibh an pharlaimint á cur ar fionraí dúradh gur “feillbheart agus bagairt” don daonlathas” é.