![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-sinead-ag-imirt-peile-sa-leithreas!’](/wp-content/themes/yootheme/cache/5c/ta-sinead-ag-imirt-peile-sa-leithreas-5cb01561.jpeg)
‘Tá Sinéad ag imirt peile sa leithreas!’
Tá cáil mhór ar an triúr a thugann Foil, Arms agus Hog orthu féin, as na físeáin ghreannmhara agus na seónna grinn a bhíonn acu. Tá a ngreann dírithe acu ar mhuintir na hÉireann atá thar lear sa bhfíseán is déanaí uathu, agus iad ag spochadh astu siúd a bhíonn rómhuiníneach, d’fhéadfá a rá, as a gcumas sa nGaeilge agus iad os comhair na n-eachtrannach.