Tá imní mhór ar phríomhoidí scoile go dtiocfaidh ardú mór ar líon na n-iarratas ar dhíoluine ón nGaeilge faoin chóras nua díolúintí a bunaíodh i mí Mheán Fómhair.
D’iarr an INTO soiléiriú ar an Roinn Oideachais faoi ghnéithe éagsúla de chóras nua dhíolúine na Gaeilge.
Tá Cumann Múinteoirí Éireann buartha go dtiocfaidh méadú ar líon na n-iarratas a fhaigheann príomhoidí ar dhíolúine go háirithe mar gheall ar athrú suntasach amháin a rinneadh ar an chóras.
Faoin chóras nua tá cead díolúine ag dalta sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.
Faoin chóras nua is faoin bpríomhoide scoile atá sé díolúine ón nGaeilge a cheadú agus níl gá ann a thuilleadh le tuairisc shíceolaíoch mar thacú le hiarratas ar dhíolúine.
Tá imní ar phríomhoidí freisin faoin fhreagracht atá orthu féin chun eolas a chur ar fáil do thuismitheoirí faoi na himpleachtaí a bhainfeadh le díolúine ón nGaeilge.
Thug urlabhraí ón INTO le fios do Tuairisc.ie gur chreid siad gur cheart don Roinn Oideachais eolas maidir leis na himpleachtaí a bhainfeadh le díolúine a chur ar fáil do na scoileanna, eolas a d’iarr an ceardchumann ach nach raibh curtha ar fáil go dtí seo.
Bhí an-imní ar an INTO go bhféadfadh impleachtaí dlí a bheith ann do scoileanna sa chás go gceadófaí díolúine do dhalta agus go gceapfaí ina dhiaidh sin nár chun a leas an díolúine sin a thabhairt dó nó go raibh sé ina bhac air maidir le cúrsaí oideachais nó gairme. Ach tá maolú áirithe ar an imní sin ó tháinig soiléiriú ón Roinn go gcaithfidh tuismitheoirí Teastas Díolúine a shíniú.
Dúirt urlabhraí de chuid an INTO go rabhthas ag coimeád súil ghéar ar an chóras nua agus ar na húdair imní a bhí ag scoileanna agus príomhoidí.
Bhí ‘formhór mór’ na n-aighneachtaí scríofa a fuair an Roinn Oideachais faoi chóras nua na ndíolúintí i gcoinne ceann de na hathruithe ba chonspóidí a cuireadh ar an chóras – go bhfágfaí faoin phríomhoide feasta díolúine ón nGaeilge a cheadú.
Bhí saineolaithe oideachais éagsúla go mór in amhras faoin chóras nua chomh maith.
Thug an Roinn Oideachais le fios gurbh amlaidh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge faoin chóras nua.