Tá an gearrliosta fógartha don duais ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na mórghradaim litríochta, na An Post Irish Book Awards.
Sé leabhar atá ar ghearrliosta 2019 don duais Ghaeilge a bhuaigh Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson nuair a bronnadh í den chéad uair riamh anuraidh.
Tá ceithre úrscéal i measc na gcúig leabhar atá ainmnithe do ghradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ An Post i mbliana: Gráinne – Gaiscíoch Gael (Cois Life) le Siobhán Parkinson; Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin; An Tromdhámh (LeabharBreac) le Feargal Ó Béarra; agus Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird.
Cnuasach gearrscéalta, Gáire in Éag (Éabhlóid) le Seán Ó Muireagáin, agus cuimhní cinn, Mar a Bhí Ar dTús – Cuimhne Seanghasúir le Joe Steve Ó Neachtain, atá sa dá leabhar eile atá san iomaíocht don duais.
Ag ócáid in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath a fógraíodh anocht na gearrliostaí do na An Post Irish Book Awards, gearrliosta ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, ina measc.
Painéal moltóirí a roghnóidh Leabhar Gaeilge na Bliana ach cuirtear fáilte roimh thuairimí an phobail chomh maith, agus is féidir vóta a chaitheamh ar shuíomh na ngradam.
Fógrófar buaiteoirí ghradaim leabhar An Post 2019 ag searmanas san Ionad Náisiúnta Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 20 Samhain.