Ba mhaith leis an Taoiseach Éire Aontaithe a fheiceáil sula bhfaighidh sé bás.
Thug Leo Varadkar an méid sin le fios agus é faoi agallamh ar stáisiún raidió ar maidin.
Dúirt sé gur mhaith leis Éire Aontaithe a fheiceáil ach go gcaithfeadh a leithéid tarlú i gcomhréir le Comhaontú Aoine an Chéasta.
Nuair a cuireadh ceist air ar mhaith leis Éire Aontaithe a fheiceáil lena linn, dúirt an Taoiseach:
“Ba mhaith, ach i gcomhréir le Comhaontú Aoine an Chéasta amháin, is é sin de réir thoil mhuintir Thuaisceart Éireann amháin. Rud an-tábhachtach é sin. Níor cheart aon rud a bhrú ar aon duine.
“Agus chomh maith leis sin, má bhainimid an pointe sin amach riamh, caithfimid a chinntiú go mbraithfidh aontachtóirí i dTuaisceart Éireann agus Briotánaigh i dTuaisceart Éireann gur áit cairdiúil Éire Aonataithe dóibhsean.
“Níl uainn go dtarlódh an rud céanna is a tharla 100 bliain ó shin nuair a bhí mionlach fágtha.”
Ag labhairt dó le Today FM, dúirt an Taoiseach nach raibh sa Bhreatimeacht ach céim amháin i bpróiseas fada.
“Tá an bhraistint ann go mbeidh sé ina mhargadh, go nglacfar leis agus go bhfágfaidh siad an tAE, ach is ansin a thosaíonn an chéad rud eile, is é sin an idirbheartaíocht faoin gcaidreamh nua.”
Dúirt Varadkar go réitíonn sé go maith le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson.
Dúirt sé go raibh Johnson “cairdiúil”, “éirimiúil” agus “barrúil”.
“Is féidir labhairt leis faoi stuif, tá a fhios agat. Bíonn sé deacair labhairt le polaiteoirí áirithe. Tá sé beagáinín áirid, beagáinín difriúil,” arsa an Taoiseach.