Seolfar ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath tráthnóna suíomh nua d’fhoghlaimeoirí meánleibhéil agus ardleibhéil i gCúige Uladh.
Tá sé mar aidhm ag lucht forbartha ‘Céim ar Aghaidh’ go ndéanfaidh an suíomh nua freastal ar dhream foghlaimeoirí a ndéantar dearmad orthu uaireanta – iadsan a bhfuil roinnt Gaeilge foghlamtha cheana acu ach nach bhfuil líofa go fóill.
“Líonfaidh sé bearna atá ann ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de,” a deir Antain Mac Lochlainn, duine d’fhoireann Aistear a scríobh na hábhair ar www.ceimaraghaidh.ie.
“Bíonn neart cuidiú le fáil daofa sin atá ag toiseacht amach ar an Ghaeilge a fhoghlaim ach, i ndiaidh daofa meánleibhéal nó ardleibhéal a bhaint amach, is beag comhairle ná treoir a bhíos le fáil.
“Is mar gheall air sin a thug muid ‘Céim ar Aghaidh’ ar an tsuíomh; cuideoidh sé le daoine céim eile a ghlacadh i dtreo líofacht sa Ghaeilge.”
Tá an suíomh roinnte idir Rannóg an Fhoghlaimeora agus Rannóg an Mhúinteora, mar a mhíníonn duine eile d’fhoireann Aistear, Siuán Ní Mhaonaigh, go bhfuil dhá rannóg ar an suíomh nua, ceann atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus ceann atá dírithe ar an múinteoir.
“Is i Rannóg an Fhoghlaimeora atá na hábhair féinstaidéir. Tá ceachtanna gramadaí, foghraíochta agus stór focal ann a chuideos le daoine sna scileanna teanga ar fad: labhairt, éisteacht, scríbhneoireacht agus
léitheoireacht,” arsa Siuán Ní Mhaonaigh.
Tá an t-ábhar seo bunaithe ar agallaimh físe a rinneadh “le cainteoirí cumasacha as achan chearn de Chúige Uladh, go háirithe Gaeltacht Thír Chonaill”.
An cur chuige céanna atá in úsáid i ‘Rannóg an Mhúinteora’, ina bhfuil neart ábhar don rang le fáil chomh maith le treoir do mhúinteoirí.
ULTACH a choimisiúnaigh Céim ar Aghaidh a bhfuil blaiseadh de ar fáil anseo.
Seolfar www.ceimaraghaidh.ie ag 6.00 pm inniu, Dé hAoine, sa tSvuít Oak in Ionad Comhdhála Óstán an Citywest.