Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-focloir-mhairtin-ui-chadhain-ar-twitter

Foclóir Mháirtín Uí Chadhain ar Twitter

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Beidh cuntas nua Twitter ag roinnt cuid den saibhreas Gaeilge a bhailigh an scríbhneoir mór le rá Máirtín Ó Cadhain lena chuid leantóirí an bhliain seo chugainn. Tá Acadamh Ríoga na hÉireann taobh thiar den chuntas nua @OCadhain_RIA agus beidh na leaganacha cainte agus focail a bhailigh an Cadhnach agus é ag obair don Ghúm sna 1930idí agus na 1940idí á roinnt mar chuid de chomóradh 50 bliain a bháis an bhliain seo chugainn. 

Idir na blianta 1937 agus 1946, bhí údar Cré na Cille ag obair faoi scéim de chuid An Ghúim ag cnuasach focal agus leaganacha cainte as a áit dhúchais, Gaeltacht na Gaillimhe. Chuir sé breis agus 1,000,000 focal d’ábhar chuig an nGúm, faoi bhreis agus míle ceannfhocal. 

Bhí liostaí seo an Chadhnaigh in úsáid agus mórfhoclóir Néill Uí Dhónaill á chur i dtoll a chéile sna 1970idí. Chuir Oifigeach Foilseacháin an Ghúim na linne, Seán Mac Lellan, treoir bheacht ar fáil don Chadhnach agus é ag bailiú an ábhair.

“Caithfear an focal nó an téarma atá i gceist a mhíniú agus a chur le hobair sa leagan (nó na leaganacha) nádúrtha Gaeilge a ghabhann leis de ghnáth. Chuige sin beidh sé riachtanach abairtí agus samplaí a thabhairt chun an chiall atá leis a chur in iúl go soiléir…’

Deir Acadamh Ríoga na hÉireann go ndeachaigh Máirtín Ó Chadhain “i mbun a chúraim go dícheallach” agus go raibh leaganacha cainte dá leithéid á mbailiú ag an údar as a stuaim féin cúig bliana déag sular iarr An Gúm air é a dhéanamh.

“Is ón gcaint bheo is mó a tharraing sé na samplaí a chuir sé ar fáil mar léiriú ar leagan cainte a úsáid. agus tá doimhneacht agus téagar sna leaganacha uaidh a thugann léargas dúinn, ní amháin ar an gcur amach a bhí aige ar an teanga, ach ar fhorbairt a intinne agus a chumais mar scríbhneoir cruthaitheach chomh maith. 

“Chomh maith leis sin, tharraing sé ar a stór amhrán agus seanchais nuair a bhí sampla oiriúnach ar fáil ansin. Tá an greann i gcuid mhaith de na leaganacha, agus tá an ghaois i gcuid mhaith eile, ach thar aon rud eile, tá gus agus gearradh na Gaeilge iontu,” a dúirt urlabhraí de chuid an Acadaimh. 

Níos mó