Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-deanfar-gaillimh-thiar-a-ghlasu-agus-seasfaidh-grealish-an-fod

TOGHCHÁN 2020: Déanfar Gaillimh Thiar a ghlasú agus seasfaidh Grealish an fód

#togh2020 #GE2020

Dáilcheantar: Gaillimh Thiar

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan Amach an dáilcheantair: Cathair na Gaillimhe, Conamara agus Oileáin Árann, chomh maith leis an gceantar soir ón gcathair a shíneann ó Órán Mór go Áth Cinn. Tá póca beag d’oirdheisceart Mhaigh Eo, ó dheas de Bhaile an Róba, sa dáilcheantar seo chomh maith.

Teachtaí Dála ag seasamh: Éamon Ó Cuív (FF), Seán Kyne (FG), Hildegarde Naughton (FG), Catherine Connolly (NS) agus Noel Grealish (NS)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016,  i dtoghcháin áitiúla 2019

agus i bpobalbhreith TG4

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) “Pobalbhreith
TG4 (%)”
Fianna Fáil 24.3 29 20
Fine Gael 24 20 23
Lucht Oibre 5 4 5
Sinn Féin 9 6 7
Comh Glas 2.5 6 10
Daon. Shóis 5 3 12
Clé 11* 3 11*
Eile 8 29 11**

** Vóta Noel Grealish (NS) san áireamh.

* Vóta Catherine Connolly (NS) san áireamh.

Anailís: As an gcúigear Teachtaí Dála atá ag seasamh sa dáilcheantar seo níl ach duine acu, Éamonn Ó Cuív (FF), a d’fhéadfadh a beith réasúnta cinnte de shuíochán. Beidh suíochán amháin ag Fine Gael cinnte. Ag dul de réir na pobalbhreithe ar TG4 aréir, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Hildegarde Naughton (FG) chun cinn go maith ar Sheán Kyne (FG).

De réir na pobalbhreithe céanna ní bheadh suíochán ag Ollie Crowe (FF), in ainneoin feachtas láidir ar a shon i gcathair na Gaillimhe. Ag 8% bheadh sé ró-íseal le bheith san iomaíocht ag an deireadh. Gan an tríú hiarrthóir ag Fianna Fáil agus gan cuóta ag Éamon Ó Cuív ní bheadh aon mhórfhoinse vótaí aistrithe aige.

Chuaigh Trevor Ó Clochartaigh (SF) i ngaireacht 1,000 vóta den chúigiú suíochán a fháil in 2016. Fuair sé 9% den vóta ach chinn air a dhóthain aistriúchán a fháil. Tá Mairéad Farrell (SF) san iomaíocht an babhta seo, iarrthóir an-ábalta le togha na Gaeilge. Ach nuair nár éirigh léi a suíochán a choinneáil ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mí Bealtaine seo caite, ní móide go bhfaighidh sí suíochán Dála.

Ó thaobh na tíreolaíochta de, ba cheart go dtoghfaí beirt taobh thiar den Choirib, beirt sa gcathair agus duine taobh thoir den chathair. Ach d’fhéadfadh an leagan amach sin a bheith curtha in aer an babhta seo agus gur trí shuíochán a bheas sa gcathair.

Is iad na vótaí a aistríodh ó John O’Mahony (FG), iarrthóir Mhaigh Eo, a chinntigh an dara suíochán d’Fhine Gael in 2016. Ní bheidh na vótaí aistrithe sin  ar fáil an babhta seo agus gan aon iarrthóir i Maigh Eo ag bailiú vótaí d’Fhine Gael.

Is cinnte go bhfuil an dea-scéal faoin airgead mór atá ceadaithe ag an rialtas don staid rugbaí ar an mBóthair Mór i nGaillimh, ag cabhrú le Hildegarde Naughton (FG) i measc lucht tacaíochta Chonnacht sa gcathair. Tá sé suntasach freisin gur ó iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre in 2016, Derek Nolan, a fuair sí an líon is airde vótaí aistrithe san olltoghchán deireanach, níos mó ná mar  a fuair Catherine Connolly (NS).

Ní raibh ach 8% den vóta ag Catherine Connolly (NS) in 2016 ach d’éirigh léi a vóta a dhúbailt le vótaí aistrithe agus dul chun tosaigh ar Trevor Ó Clochartaigh gar don deireadh. Sa phobalbhreith is déanaí, tá 9% de na vótaí céad rogha aici agus í díreach taobh thiar den iarrthóir ó Chomhaontas Glas, Pauline O’Reilly, atá ar 10%, agus Niall Ó Tuathail ó na Daonlathaigh Shóisialta, atá ar 12%. De réir na pobalbhreithe bheadh 31% idir an triúr seo – Connolly, O’Reilly agus Ó Tuathail – dóthain tacaíochta le dhá shuíochán a fháil ach na vótaí a bheith ag aistriú go láidir eatarthu.

Níl suíochán Noel Grealish (NS) slán agus 7% sa phobalbhreith aige. Ach 7% a bhí aige i bpobalbhreith TG4 in 2016 nuair a d’éirigh leis 11% a fháil sa toghchán féin agus an dara suíochán a fháil go héasca.

Má ghlactar leis go mbeidh suíochán ag Ó Cuív (FF) agus Naughton (FG), beidh an troid don trí shuíochán eile idir Catherine Connolly (NS), Seán Kyne (FG), Pauline O’ Reilly (CG), Noel Grealish (Nspl), Ollie Crowe (FF) agus Niall Ó Tuathail (SD). Bheadh seans beag ag Ollie Crowe ar shuíochán dá bhfanfadh sé chun cinn ar Noel Grealish (NS) ó tharla go bhfuil cóir na gaoithe le Fianna Fáil de réir na bpobalbhreitheanna náisiúnta agus feachtas láidir ag Crowe. Ach is mó seans gur Grealish a thoghfar le cabhair vótaí aistrithe Ollie Crowe.

Ar na hiarrthóirí eile, tá Méara na Gaillimhe Mike Cubbard (NS) a fuair 1,292 vóta sna toghcháin áitiúla i gcathair na Gaillimhe. Ag dul de réir a tharla in 2016, rachaidh formhór a vótaí chuig Grealish (NS) agus Connolly (NS). Ag seasamh d’Aontú tá Cormac Ó Corcaráin, a fuair 429 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá beirt iarrthóirí ag Pobal Roimh Bhrabús, Joe Loughnane agus Conor Burke. Fuair siad 580 vóta eatarthu sna toghcháin áitiúla. Tá Daragh O’Flaherty (NS) ag seasamh chomh maith. Fuair sé 83 vóta sna toghcháin áitiúla.

Tuar: Ó Cuív (FF), Naughton (FG), Grealish (NS), Connolly (NS) agus O’Reilly (CG)

Níos mó