Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-comortas:-beart-leabhar-le-buachan-do-leabhra-feabhra

COMÓRTAS: Beart leabhar le buachan do Leabhra Feabhra

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá Leabhra Feabhra nach mór buailte linn, an fhéile nua a bunaíodh sé bliana ó shin le léitheoireacht na Gaeilge agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn, agus tá duais bhreá againne anseo in oifig NÓS ón Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair — mála mór leabhar!

Tá cúig leabhar sa mbeart seo atá roghnaithe ag bainisteoir an tsiopa, Gráinne Ní Mhuilneoir, do léitheoirí dílse NÓS. 

Níl le déanamh agaibh ach croí a thabhairt don phictiúr seo ar Instagram, ordóg a thabhairt don phostáil seo ar Facebook agus é a roinnt, nó athghiolc a dhéanamh ar an ngiolc seo ar Twitter le bheith san áireamh don duais iontach seo.

Cur i gCéill Celia de Fréine

Is síceolaí í Cass Ó Caoimh a bhogann go Conamara nuair a fhágtar ina baintreach í. Mar aon leis an bpostroinnt atá aici san Ionad Leighis áitiúil, glacann sí le post páirtaimseartha i gCeannáras na nGardaí mar shíceolaí fóiréinseach. Nuair a bháitear Niamh, cara a hiníne, creideann Cass gur dúnmharaíodh an ógbhean ainneoin an mhéid a cheapann an Bleachtaire Cigire, Tom Breasal, a hiarleannán. Le cúnamh ón iriseoir Gearóid, mac Tom, agus ó dhaoine a gcuireann sí aithne orthu, déanann sí bás Niamh a fhiosrú agus tugann scéal scáfar chun solais. San am atá díreach thart atá an coirscéinséir eachtrúil seo suite.

An Diabhal Déanta Joe Steve Ó Neachtain

Is fada an lá é molta scéal chuile dhuine a bheith agatsa ach gan do scéal féin a bheith ag duine ar bith. Ach is mór an mhaith nár thug Joe Steve Ó Neachtain mórán airde ariamh ar an gcomhairle sin. Mar is é atá sa saothar seo uaidh meascán dá scéal féin agus taithí dhaoine eile, beagáinín beag bídeach de scéal an ghamhna bhuí agus oiread na fríde de phaidir an chapaill, an scéal fada giorraithe agus fad bainte as an scéal gearr. Sa gcnuasach seo cíortar ábhair mar an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, an rachmas ag srachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh. 

Cath Fionntrá Aogán Ó Muircheartaigh agus Dómhnal Ó Bric 

Tá Cath Fionntrá ar cheann de scéalta móra na Fiannaíochta. Cur síos ar choimhlint ghaisciúil idir Dháire Donn, Rí an Domhain agus na Fianna atá ann. Lean an choimhlint mharfach san gan staonadh ar feadh bliana agus lae. 

Harry Potter agus an Órchloch JK Rowling/Máire Nic Mhaoláin

Níor shamhail Harry Potter go raibh sé éagsúil le gasúir eile nó gur thug arracht d’fhear mór dúshúileach tarrtháil air agus gur chláraigh sé i Scoil Draíodóireachta Hogwarts, áit ar fhoghlaim sé le Quidditch a imirt, agus a ndearna sé troid go himirt anama. Cad chuige, meas tú? Mar gur DRAÍODÓIR É HARRY POTTER!

An Litir* Liam Mac Cóil

Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus  Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain – Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.

Seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.

*Féadtar aon leabhar de Thríológ na Litreach (An Litir, I dTír Strainséartha Bealach na Spáinneach) a roghnú don duais.

Níos mó