Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-fine-gael-in-ann-don-bhru-sa-mhi-thoir

TOGHCHÁN 2020: Fine Gael in ann don bhrú sa Mhí Thoir

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: An chuid de chontae na Mí taobh thoir den M3 idir An Uaimh agus Ceanannas Mór, ag síneadh soir go teorainn chontae Lú, seachas póca d’oirthuaisceart an chontae atá curtha le Cabhán-Muineachán. Tá Gaeltacht Bhaile Ghib sa dáilcheantar seo.

Teachtaí Dála ón 32ú Dáil atá ag seasamh: Regina Doherty (FG), Helen Mc Entee (FG), Thomas Byrne (FF). 

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 26.1 23
Fine Gael 34.8 27
Lucht Oibre 5.5 3
Sinn Féin 14 6
Glas 1.9 0
Clé 4.9 2
Eile 12.9 39

Anailís: Fuair Thomas Byrne (FF) suíochán breise dá pháirtí sa dáilcheantar seo in 2016 agus gan san iomaíocht ach é féin d’Fhianna Fáil. An uair seo tá an Comhairleoir Deirdre Geraghty-Smith (FF), as ceantar Ráth Tó, ar an ticéad leis. Toghadh í ar an gComhairle Contae anuraidh le 579 vóta.  Is as an gcuid thoir ó dheas den dáilcheantar í.

Níor cheart go mbeadh aon stró ar Thomas Byrne (FF), fear a bhíonn le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge ó am go ham, a shuíochán a choinneáil. Níl dóthain tacaíochta ag Fianna Fáil sa dáilcheantar le go mbeadh siad san iomaíocht don dara suíochán.    

Is beag seans go dteipfidh ar Regina Doherty (FG) ná Helen McEntee (FG) a suíocháin a choinneáil. Fuair Fine Gael dhá shuíochán le 35% den vóta in 2016. Chaithfeadh an sciar den vóta atá ag an bpáirtí titim faoi bhun 30% sula mbeadh aon bhaol ann go gcaillfeadh Fine Gael suíochán.  Is beirt iad beirt Fhine Gael a bhfuil próifíl ard acu sna meáin náisiúnta. Tá Regina Doherty (FG) ina hAire Coimirce Sóisialaí agus fuair Helen McEntee (FG) aitheantas mar aire stáit a phléigh go stuama le ceist chasta an Bhreatimeachta.

Tá an comhairleoir contae nua, Annie Hoey (LO) ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre.

Bhí 1,093 vóta sna toghcháin áitiúla aici. Beidh sí ag déanamh go maith 2,500 vóta a fháil. Iarrthóir óg í a chaith tréimhse ina hUachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI).

Chuaigh an Comhairleoir Darren O’Rourke (SF) i ngaireacht 1,056 vóta de shuíochán a fháil in 2016. Agus gaoth i seolta Shinn Féin ba cheart go mbeadh seans maith aige, cé nach ndearna sé go maith sna toghcháin áitiúla. Toghadh é an uair sin cé nach raibh aige ach 501 vóta.

Peadar Tóibín (Aontú) an fhadhb atá ag Sinn Féin i gcontae na Mí. D’éirigh sé as Sinn Féin i ndiaidh dó vótáil sa Dáil in aghaidh threoracha an pháirtí faoin nginmhilleadh. Tá a dheirfiúr Emer Tóibín (Aontú) ag seasamh sa dáilcheantar seo. Toghadh í i dtoghcheantar na hUaimhe sna toghcháin áitiúla le 1,286 vóta. Ní cheaptar go bhfuil aon seans aici ar shuíochán, ach beidh sí ag baint vótaí de Shinn  Féin, rud a laghdóidh seans Darren O’Rourke (SF) ar shuíochán an babhta seo.  Beidh sé spéisiúil cé acu is mó a geobhaidh vótaí, Emer Tóibín (Aontú) nó Darren O’Rourke (SF).

Seán Mc Cabe (CG) atá ag seasamh do Chomhaontas Glas. Níl aon tacaíocht ar fiú trácht uirthi ag Comhaontas Glas i gcontae na Mí. Beidh os cionn 1,500 vóta aige, dhá oiread líon na vótaí a bhí ag iarrthóir an pháirtí in 2016, nuair a fuair Seán Ó Buachalla (CG) 766 vóta.

Ní féidir Joe Bonner (NS) ná Sharon Keogan (NS) a chur as an áireamh. Is as an gceantar céanna, thart ar Chill Dhéagláin é Bonner le Darren O’ Rourke (SF) agus Thomas Byrne (FF). Dá n-éireodh leis fanacht chun cinn ar O’Rourke bheadh slám maith vótaí aistrithe le fáil aige ó fhear Shinn Féin. Fuair Bonner 2,170 vóta sna toghcháin áitiúla, an tríú vóta ab airde i gcontae na Mí.

Toghadh Sharon Keogan (NS) in dhá cheantar i gcontae na Mí sna toghcháin áitiúla. Fuair sí 2,039 vóta i gceantar amháin agus 1,180 vóta sa gceantar eile. Caitheadh buama peitril isteach ina hoifig i nDamhliag ag tús an fheachtais, mar, a dúirt sí féin, go mbíonn sí ag labhairt amach faoi fhadhb na ndrugaí sa gceantar. D’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht don tríú suíochán dá mbeadh titim sách mór ar vóta Fhine Gael.  Má tá Fine Gael le suíochán a chailleadh seans maith gur Sharon Keogan a bhainfidh díobh é, ach vóta aistrithe láidir a fháil ó Pháirtí an Lucht Oibre, ó Shinn Féin, ó Aontú agus ón neamhspleách Joe Bonner (NS).

Tá Andrew Keegan (PrB) ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús agus tá Séamus McDonagh (WP) san iomaíocht arís do Pháirtí na nOibrithe. Sna toghcháin áitiúla ní bhfuair sé ach 330 vóta. Níl aon iarrthóir ag na Daonlathaigh Shóisialacha. 

Tuar: Doherty (FG), McEntee (FG) agus Byrne (FF)

Níos mó