Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-buailfidh-toibin-buille-ar-shinn-fein-sa-mhi-thiar

Buailfidh Tóibín buille ar Shinn Féin sa Mhí Thiar

| Donncha O hEallaithe |

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: An chuid de chontae na Mí taobh thiar den M3. I measc na mbailte anseo, tá An Uaimh, Ceanannas Mór, Áth Buí agus Baile Átha Troim. Tá Gaeltacht Ráth Chairn sa dáilcheantar seo…

Na Teachtaí Dála ón 32ú Dáil atá ag seasamh: Damien English (FG), Shane Cassells (FF), Peadar Tóibín (Aontú) 

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 27.4 28
Fine Gael 32.5 32
Lucht Oibre 3 6
Sinn Féin 24.5 14
Glas 3.7 2
Aontú 0 7
Clé 0 4
Eile 8.9 11

Anailís: Seans maith nach mbeidh aon athrú sa dáilcheantar seo ó thaobh na ndaoine a thoghfar. Tá dóthain tacaíochta ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael le go mbeidís cinnte de shuíochán amháin.  Bhí 24.5% den vóta ag Sinn Féin in 2016 agus choinnigh Peadar Tóibín a shuíochán gan stró. Ba é is mó a fuair vótaí aistrithe ón bhfarasbarr a bhí ag Shane Cassells, an t-aon iarrthóir ag Fianna Fáil in 2016, a bhí ar bharr an chomhairimh. As an Uaimh do Cassells, an baile céanna le Peadar Tóibín. Tá triúr iarrthóirí ag Fine Gael an babhta seo agus iad ag iarraidh dhá shuíochán a fháil, mar a bhí acu in 2011.  Tá na hiarrthóirí roghnaithe go maith ó thaobh na tíreolaíochta le huasmhéid na vótaí a fháil d’Fhine Gael. Toghadh le beagnach 2,000 vóta an Comhairleoir Sarah O’Reilly (FG) sna toghcháin áitiúla anuraidh agus í ag seasamh i gCeanannas Mór. Toghadh le beagnach 3,000 vóta an Comhairleoir Noel French (FG)  agus é ag seasamh i mBaile Átha Troim.

Ag glacadh leis go dtoghfar Damien English (FG), beidh Noel French (FG) nó Sarah O’Reilly (FG), pébrí duine acu is airde vóta, san iomaíocht don tríú suíochán le Peadar Tóibín (Aontú ) agus leis an gComhairleoir Johnny Guirke, an t-iarrthóir atá roghnaithe ag Sinn Féin leis an suíochán a bhaint den Tóibíneach. Toghadh Johnny Quirke (SF) i gCeanannas Mór sna toghcháin áitiúla le 1,678 vóta. Bhí 14% ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla sa gcuid seo de chontae na Mí. Má fhaigheann Quirke 14% den vóta céad rogha beidh seans maith aige ar an tríú suíochán ach chaithfeadh sé a bheith go maith chun tosaigh ar Pheadar Tóibín, a bheas ag fáil vótaí aistrithe ó chuile iarrthóir sa toghchán.

Coinneoidh Damien English (FG) a shuíochán ach is míbhuntáiste d’Fhine Gael nach bhfuil aon iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre sa dáilcheantar seo.  Fuair iarrthóirí Fhine Gael breis is leath de na vótaí a bhí ag an bpáirtí sin 2016.

Ba cheart go mbeadh Peadar Tóibín (Aontú) in ann a shuíochán a choinneáil ach fanacht chun cinn ar Johnny Guirke (SF). Deirtear go bhfuil an-iarracht ar bun ag Sinn Féin agus is cinnte go gcaillfidh Tóibín roinnt mhaith vótaí ó lucht tacaíochta an pháirtí a d’fhág sé chun Aontú a bhunú. Ach gheobhaidh sé vótaí chomh maith mar gheall ar a sheasamh faoi cheist chonspóideach an reifrinn le ginmhilleadh a cheadú sa stát. Seans maith gurb é an t-aon duine ó Aontú a thoghfar sa toghchán seo.

Tá Séamas McMenamin (CG) ag caitheamh an gheansaí ghlais. Fuair sé 1,421 vóta in 2016 agus fuair sé 614 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar na hUaimhe. D’fhéadfadh go mbeadh 3,000 vóta aige sa toghchán seo leis an mbreis tacaíochta atá á léiriú do Chomhaontas Glas.

Ag seasamh chomh maith tá Ronan Moore do na Daonlathaigh Shóisialta agus John Malone do Renua. Níl aon iarrthóir neamhspleách ag seasamh.

Tuar: English (FG), Tóibín (Aontú) agus Cassells (FF)

Níos mó