Tá a thuilleadh fianaise sa phobalbhreith is déanaí go bhfuil borradh mór faoi Shinn Féin agus go bhfuil Fine Gael ag teip. De réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos MRBI don Irish Times, tá Sinn Féin sa chéad áit le 25%, tá 23% ag Fianna Fáil agus 20% atá ag Fine Gael.
Seo an dara pobalbhreith sa tsraith seo ó thús an fheachtais.
Tá eolas foilsithe anocht chomh maith ag an Irish Times i dtaobh mhianta an phobail faoin gcomhrialtas ab fhearr leo tar éis an toghcháin. Tá Comhaontas Glas sa cheathrú háit agus 8% acu agus 4% atá ag Páirtí an Lucht Oibre.
Comhrialtas idir Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas ab fhearr le daoine tar éis an toghcháin, de réir pobalbhreithe nua.
17% a roghnaigh an trí pháirtí sin. 15% a roghnaigh Fianna Fáil agus Sinn Féin agus 14% a roghnaigh Fianna Fáil agus Fine Gael.
Sinn Féin: 25% (+4)
Fianna Fáil: 23% (-2)
Fine Gael: 20% (-3)
Comhaontas Glas: 8% (-)
Páirtí an Lucht Oibre: 4% (-1)
(Pobalbhreith Ipso MRBI don Irish Times)
Sa phobalbhreith dheireanach a rinne Ipsos MRBI don Irish Times, bhí 25% ag Fianna Fáil, 23% ag Fine Gael agus 21% ag Sinn Féin. 8% a bhí ag Comhaontas Glas, 5% ag Páirtí an Lucht Oibre agus 18% a bhí ag neamhspleáigh agus mionpháirtithe.
Léirigh pobalbhreith eile, ar foilsíodh a thorthaí ar an Buisness Post Dé Domhniagh go raibh Fianna Fáil agus Sinn Féin gob ar ghob ar 24% agus go raibh Fine Gael sa triú háit agus 21% acu.
Rogha comhrialtais
FF – CG- LO: 17%
SF- FF: 15%
FF – FG: 14%
FG – CG – LO: 14%
FG – SF: 7%
(Pobalbhreith Ipsos MRBI don Irish Times)
Níos túisce inniu, d’fhógair RTÉ go raibh cuireadh á thabhairt acu do cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, páirt a ghlacadh i mórdhíospóireacht dheireanach Olltoghcán 2020.
An Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin amháin a bhí le bheith sa díospóireacht a chraolfar oíche amárach, mar a bhí sa chéad mhórdhíospóireacht toghcháin ar RTÉ.