Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Comhrialtas nó freasúra, rachaidh Sinn Féin i neart

| Lynn |

Toghchán cinniúnach agus cruth na polaitíochta abhus athraithe ó bhonn aige. Ach cén cineál rialtais a d’fhéadfadh a bheith ann agus cén fhad a mhairfidh sé?

Ag Sinn Féin a bhí an bua gan dabht, mar chuir siad go mór le líon na suíochán acu agus chaill Fine Gael agus Fianna Fáil go leor suíochán.

Mar sin féin, tá feachtas ina gcoinne ar siúl i gcónaí mar gheall ar rudaí stairiúla a thit amach le linn na gleice armtha. Tá an ré sin thart, ach ní oireann sin do naimhde Shinn Féin.

Tá 37 suíochán ag Sinn Féin agus 38 ceann ag Fianna Fáil, an Ceann Comhairle a chuirtear ar ais sa Dáil gan aon toghchán ina measc. Tá 35 suíochán ag Fine Gael, 12 ag an gComhaontas Glas, sé cinn ag Páirtí an Lucht Oibre, sé cinn ag Daonlathaigh Shóisialta agus cúig cinn ag Neart Le Chéile/Pobal Seachas Brabús.

I measc na neamhspleách, tá triúr den eite chlé, triúr neamhspleách tuaithe, beirt iarbhall de Shinn Féin, gníomhaí i bhfeachtas ospidéil agus iarbhall den Lucht Oibre. Sin deichniúr a d’fhéadfadh dul le rialtas ar an eite chlé.

I measc na neamhspleách eile, tá cúigear as ‘linn géinte’ Fhianna Fáil, ceathrar a bhfuil mianach Fhine Gael iontu, iarbhall de na PDanna agus iar-oifigeach airm.

Léiríonn na figiúirí seo nach mbeadh ar fáil ar a mhéad ach 76 Teachta Dála do rialtas de chuid na heite clé agus sin dá mbeadh Páirtí an Lucht Oibre sásta a bheith páirteach ann. Mar a tharlaíonn, níl an páirtí sin toilteanach a leithéid a dhéanamh, cé nach raibh leisce orthu riamh dul i gcomhrialtas le Fine Gael nó le Fianna Fáil.

Léiríonn sé seo a laghad tionchair atá ag gluaiseacht lucht oibre, na ceardchumainn is eile, ar pholaitíocht an lae inniu, rud a lagaíonn an eite chlé go mór.

Tá géarghá go labhródh Sinn Féin leis na ceardchumainn agus iad a thabhairt leo san idirbheartaíocht maidir le rialtas a chur le chéile, nó ar a laghad le teacht ar chomhaontú idir páirtithe na heite clé.

Tháinig toradh an olltoghcháin aniar aduaidh ar Shinn Féin cinnte, ach tá an toradh i ndiaidh olc is uafás a chur ar sheanpháirtithe an stáit. Admhaíonn  Fine Gael gur chaill siad an toghchán, ach tá Fianna Fáil trína chéile ar fad agus cuid díobh ag ceapadh go gcaithfidh an pobal vótáil in athuair toisc nár chuir siad an toradh ceart ar fáil an chéad uair!

Go deimhin tá trí dhream éagsúla anois i bhFianna Fáil ó thaobh meoin i leith cúrsaí comhrialtais.  Tá baicle amháin a cheapann gur ar dheis ón lár atá siad, dream a bhfuil an dearcadh céanna acu is atá ag Fine Gael.  Tá Jim O’Callaghan sa ghrúpa sin, ach is mionlach iad cé go bhfuil cuid de na postanna is tábhachtaí agus is mó cumhacht sa pháirtí acu, postanna sa cheanncheathrú go háirithe.

Ansin tá na daoine ar chlé ón lár. Ní ag rámhaillí atá Micheál Martin nuair a deir gur pháirtí an aicme oibre a bhí i bhFianna Fáil. Go deimhin is é Fianna Fáil a thug na chéad scéimeanna tithíochta isteach is a leag béim ar riachtanais leasa shóisialaigh is pinsin riamh. Labhraíonn daoine amhail Éamon Ó Cuív agus Seán Haughey ar son na baicle sin.

Ansin tá an tríú dream ann atá nimhneach i gcoinne Shinn Féin toisc go bhfuil cuid mhaith den tacaíocht a bhíodh ag Fianna Fáil goidte ag na poblachtánaigh.

Níl an dream seo sásta glacadh leis an bhfírinne mar atá agus tá siad ag iarraidh olltoghchán eile, cé nach dóichí go mbeadh toradh difriúil air, seachas b’fhéidir Sinn Féin a bheith níos láidre.

Mar sin agus Fianna Fáil chomh scoilte sin, agus Sinn Féin beagáinín gann ar an líon Teachtaí Dála a theastaíonn do mhóramh, ní léir cén chaoi a gcuirfear rialtas le chéile agus ní féidir olltoghchán eile a chur as an áireamh.

Ach vótáil an pobal ar son athrú polasaí, go háirithe maidir le cúrsaí tithíochta is sláinte. Caithfear réiteach a fháil ar na géarchéimeanna sin, is ní dóigh liom go maithfeadh na vótóirí d’aon pháirtí é má dhiúltaíonn siad éisteacht leis an éileamh sin. Tuigeann na daoine is stuama i bhFianna Fáil é sin.

Ar an taobh eile den scéal, dá rachadh Fianna Fáil le Fine Gael scoiltfeadh sin an páirtí agus threiseodh sé Sinn Féin. Mar sin, is ar éigean go rachfar sa treo sin.

Tá an méid seo fíor faoi Shinn Féin, áfach. Ní féidir leo glacadh le dearcadh Fhianna Fáil agus a bheith ina gcrann taca acu mar a bhíodh Páirtí an Lucht Oibre i gcónaí ag Fine Gael.

Línte dearga ag Sinn Féin a bpolasaithe i leith tithíochta agus sláinte agus a dtuiscint ar an méid maoinithe is gá a chur ar fáil dóibh.

Faoi láthair tá Fianna Fail ag diúltú labhairt faoi chomhrialtas, ach í ndáiríre cén rogha atá acu. Is ar éigean go mbeidís níos fearr as i ndiaidh toghcháin eile, agus bheadh an cheist chéanna ann i gcónaí. Dul in éineacht le Sinn Féin nó dul in éineacht le Fine Gael?

Is cuma cén freagra a thabharfaí ar an gceist sin is chun leas Shinn Féin a bheadh sé. Bheidís sa rialtas ag cur a gcuid polasaithe i bhfeidhm, nó bheidís i gceannas ar an bhfreasúra agus iad ag dul i neart de bharr teip leanúnach na seanpholasaithe céanna a thugann tús áite don earnáil phríobháideach is do lucht an bhrabúis.