Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tus-curtha-leis-an-33u-dail-agus-votail-ar-bun-don-cheann-comhairle-nua

Tús curtha leis an 33ú Dáil agus vótáil ar bun don Cheann Comhairle nua

| Tuairisc.ie |

Tá tús curtha leis an 33ú Dáil.

Cuireadh tús le himeachtaí na Dála nua go gairid i ndiaidh meán lae inniu nuair a léigh cléireach na Dála, Peter Finnegan, amach ainm gach duine den 160 Teachta Dála a toghadh in olltoghchán na míosa seo. 

Ina dhiaidh sin, labhair an bheirt iarrthóirí ar phost an Cheann Comhairle, Seán Ó Feargháil, Fianna Fáil, agus Denis Nuaughten, neamhspleách.

Dúirt Seán Ó Fearghaíl, atá ag iarraidh go dtoghfaí athuair ina Cheann Comhairle é go raibh an mhandáid chéanna ag gach duine den 160 Teachta Dála agus go léireodh sé an meas céanna ar mhandáid an uile dhuine acu. Dúirt sé gur éirigh leis agus é ina Cheann Comhairle ar an 32ú Dáil cur chuige comhoibríoch a thabhairt isteach agus athruithe a chur i bhfeidhm ar chóras na Dála. Ba mhaith leis leanúint den obair sin agus d’fhreastalódh sé ar bhaill na Dála seachas a bheith ina sclábhaí ag “córas ar bith”, a dúirt sé.

Dúirt Denis Naughten go raibh a ainm á chur chun cinn aige don chúram mar gheall ar an “bhfrustrachas” i measc an phobail faoin gcóras polaitíochta.

Dúirt sé go raibh gá le sochaí “oscailte cheisteach” agus go raibh gá dá réir le Dáil “oscailte cheisteach”. Dúirt Naughten go raibh sé ag éirí níos deacra “freagraí díreacha” a fháil “ar cheisteanna díreacha” sa Dáil agus go gcinnteodh sé féin go bhfaighfí freagraí agus go leagfaí freagracht ar dhaoine na freagraí sin a chur ar fáil.

Tá na vótaí a tugadh don bheirt le comhaireamh anois agus cuirfear an Dáil ar athlá go dtí thart ar 3.15pm, tráth a bhfógróidh an cléireach cé a bheidh ina Cheann Comhairle.

An chéad chúram a bheidh ar an gCeann Comhairle nuathofa ainmniúcháin a lorg do phost an Taoisigh. 

Ó tharla nach bhfuil móramh ag aon pháirtí, is é is dóichí nach dtoghfar aon duine.

I bhforhalla Theach Laighean atá an vótáil ar siúl don Cheann Comhairle agus botháin vótála speisialta socraithe ansin chun an rúndacht a chosaint.

Ionadaíocht chionmhar atá á húsáid agus vóta amháin inaistrithe ag gach Teachta Dála agus a rogha á déanamh acu. Cléireach na Dála agus a chúntóirí a chomhairfidh na vótaí agus fógróidh sé an Ceann Comhairle nua ach a mbeidh cuóta ag duine den bheirt.

Níos mó