Scéal an lae inniu ar fáil ó Futa Fata…
Lúlú agus an Oíche Ghlórach le Bridget Bhreathnach s’againne atá curtha amach mar ‘Scéal an Lae’ inniu ag an teach foilsitheoireachta Futa Fata.
#ScéalAnLae ar ár facebook anois. Lúlú agus an Oíche Ghlórach le @BBhreathnach maisithe ag @SteveSimpson ó sraith @Cula4_TG4 Beimid arais Dé Luain le scéal speisialta eile… le údar as tuaisceart na tíre… 🤔🦋 Bíodh deireadh seachtaine deas agaibh! pic.twitter.com/LRxt2z5zfz
— Futa Fata (@futafata) March 20, 2020
‘Deis iontach’ iad comórtais liteartha an Oireachtais do ghasúir an tsamhlaíocht a chur ag obair sa mbaile
Tá moladh ag an scríbhneoir Myra Zepf do na gasúir agus na tuismitheoirí atá sáinnithe sa mbaile…
Is deis iontach iad na Comórtais Liteartha do ghasúir a gcuid samhlaíochta a úsáid & a bheith cruthaitheach. Sin ata á mholadh ag @MyraZepf Éist leis an méid atá le rá aici! Eolas: https://t.co/hQShwSiR1S @ForasnaGaeilge @CnaG @GlornanGael @tuairiscnuacht @tuismitheoiri @Gaeloid pic.twitter.com/zPAnKgmWJ1
— An tOireachtas (@OirnaGaeilge) March 20, 2020
Nuair is mó an gátar is ea is treise an pobal – físeán de shochraid Gaeltachta á scaipeadh go tréan
Nuair is mó an gátar is ea is treise an pobal – físeán de shochraid Gaeltachta á scaipeadh go tréan
Tá físeán de shochraid i gCiarraí a rinne an t-iriseoir gradamúil de chuid Nuacht TG4 Seán Mac an tSíthigh á scaipeadh go tréan ar na meáin shóisialta agus é imithe i bhfeidhm ar leithéidí The Guardian chomh maith.
Bhí cur síos deas ag an Sítheach féin ar shochraid Betty Ryan as Baile an Fheirtéaraigh in iarthar Duibhneach, trócaire uirthi.
“Inné cuireadh bean uasal. De dheasca #Covid19 ní raibh aon torrámh ann agus bhí cosc ar dhul ‘on tsáipéal. Ach sheas ár bpobal ár dhá thaobh an bhóthair síos chun na reilige in iarracht comhbhróin a dhéanamh le clann Bhetty Ryan. Nuair is mó an gátar is ea is treise an pobal.”
Inné cuireadh bean uasal. De dheasca #Covid19 ní raibh aon torrámh ann agus bhí cosc ar dhul ‘on tsáipéal.
Ach sheas ár bpobal ár dhá thaobh an bhóthair síos chun na reilige in iarracht comhbhróin a dhéanamh le clann Bhetty Ryan.
Nuair is mó an gátar is ea is treise an pobal. pic.twitter.com/KBfqPe9v6k
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) March 20, 2020