![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fisean:-‘deor-(a)iocht’-–-dan-nua-do-la-idirnaisiunta-na-filiochta](/wp-content/themes/yootheme/cache/83/fisean-deor-aiocht-dan-nua-do-la-idirnaisiunta-na-filiochta-8324b6f1.png)
FÍSEÁN: ‘Deor-(a)íocht’ – dán nua do Lá Idirnáisiúnta na Filíochta
Is é inniu Lá Domhanda na Filíochta agus tá físeán úrnua de dhán dar teideal ‘Deor-(a)íocht’ againn daoibh.
Colm Mac Gearailt a scríobh an saothar ionraic seo a léiríonn cora crua caidrimh agus a thugann léargas ar an bhféincheistiú a leanann.
Is é seo an dán a chuir Colm i láthair ag Slam Filíochta Liú Lúnasa an samhradh seo caite agus a thug an bua dó sa deireadh – is léir ón bhfíseán seo cén fáth.
Táimid buíoch den Chiste Craoltóireachta Gaeilge a thug an maoiniú chun an físeán seo a dhéanamh.