Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘anois-an-t-am-le-hiarracht-a-dheanamh-sochai-nios-fearr-agus-nios-cothroime-a-chruthu’-–-ceannasai-an-un

‘Anois an t-am le hiarracht a dhéanamh sochaí níos fearr agus níos cothroime a chruthú’ – ceannasaí an UN

| Tuairisc.ie |

Tá impí déanta ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres go dtabharfaí aghaidh ar phaindéim Covid-19 ar bhun comhordaithe domhanda agus dúirt sé gur chóir go spreagfadh an ghéarchéim seo dlúthpháirtíocht agus teacht aniar níos fearr.

“Ní féidir linn filleadh ar an gcaoi a rabhamar sular bhuail Covid-19 an domhan agus pobail fágtha i mbaol géarchéime nuair nár ghá sin. Meabhraíonn an phaindéim dúinn, ar an mbealach is soiléire ar fad, an praghas a bhíonn le híoc ar na laigí a bhíonn i gcórais sláinte agus i seirbhísí poiblí agus cosanta sóisialta,” a dúirt  António Guterres.

Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go raibh an ghéarchéim seo tar éis aird a dhíriú ar an neamhionannas agus é sin a dhéanamh níos measa, go háirithe an éagothroime inscne.

“Nochtann sé an chaoi a bhfuil an geilleagar foirmiúil ag brath go hiomlán ar obair lucht cúraim nach n-íoctar agus atá ann i ngan fhios don saol mór. Tá aird tarraingthe aici freisin ar na dúshláin atá fós le sárú maidir le cearta an duine, ina measc an stiogma agus an foréigean in aghaidh na mban.”

In alt a foilsíodh ar nuachtán an Guardian, dúirt António Guterres gur tráth gnímh a bheadh ann chomh maith nuair a bheadh an phaindéim curtha faoi chois.

“Anois an t-am ceart le hiarracht i bhfad níos mó a dhéanamh chun sochaí agus cúrsaí eacnamaíochta a chruthú a bheidh níos uilechuimsithí agus níos inmharthana agus a mbeidh teacht aniar níos fearr iontu nuair a bheidh orainn dul i ngleic le paindéimí, athrú aeráidí nó dúshláin dhomhanda eile.

“Agus muid ag téarnamh ón ngéarchéim seo, is mithid dúinn geilleagar de chineál eile a chruthú. Clár Oibre 2030 agus na spriocanna forbartha inmharthana an plean oibre atá i gcónaí ag na Náisiúin Aontaithe.”

Dúirt sé go raibh córas na Náisiún Aontaithe i mbun oibre: ag tacú le hiarrachtaí na dtíortha éagsúla, tá ár slabhraí soláthair  curtha ar fáil againn don domhan, agus sos comhraic á mholadh againn ar fud an domhain.

Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí deireadh leis an bpaindéim gach uile áit ar bhun na moráltachta agus chun ár leas mar chine daonna. Ag an am neamhghnách seo ní féidir linn bheith ag brath ar na gnáthbhealaí. Nuair is urghnách an cás, bearta urghnácha a theastaíonn. Is millteanach an tástáil atá á cur orainn agus éileoidh sí gníomh diongbháilte, comhordaithe, agus nuálach uainn ar fad ar ár son ar fad.

Tá ráite le leath den chine daonna, nó 3.9 billiún duine, fanacht ag baile agus rialtais ar fud an domhain ag iarraidh scaipeadh an víris mharfaigh Covid-19 a choinneáil faoi chois.

Agus cuibhriú, dianghlasáil nó coraintín de shaghas éigin i bhfeidhm i 90 tír nó dúiche, tá nach mór milliún cás den víreas deimhnithe agus 50,000 duine básaithe de réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins.

Tá 760 duine eile básaithe san Iodáil le lá anuas, an tír is measa ar domhan atá buailte ag an ngalar. Ach táthar dóchasach i gcónaí go bhfuil an taoide ag casadh faoi dheireadh maidir le líon ard na mbásanna gach lá.

Údar uchtaigh chomh maith é nár tháinig ach ardú 3.1% inniu ar líon na gcásanna nua. Beagnach 14,000 duine atá básaithe san Iodáil de bharr na paindéime agus ghabh Ursula von der Leyen, an tUachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, leithscéal inniu le muintir na hIodáile mar nár léirigh an tAontas Eorpach dóthain de chomhar na gcomharsan le linn na paindéime.

“Tá an Eoraip anois ag seasamh le muintir na hIodáile. Faraor níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí,” a dúirt Ursula von der Leyen in alt ar an nuachtán La Repubblica.

Tá os cionn 10,000 a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe sa Spáinn, an dara tír is measa atá buailte ar domhan.

950 duine eile a bhásaigh le lá anuas, an líon is mó daoine a bhásaigh in aon lá amháin ó thosaigh an ráig sa Spáinn.

10,003 bás atá deimhnithe ag údaráis sláinte na Spáinne faoin tráth seo agus 110,238 cás den aicíd atá deimhnithe.

Mar sin féin, tá dóchas ag údaráis sláinte na Spáinne gurb amhlaidh go bhfuil moill ag teacht faoi dheireadh ar scaipeadh an víris.

Idir an 15-25 Márta bhí líon na gcásanna nua ag ardú 20% ar an meán gach lá ach ó shin i leith is 12% ar an meán an t-ardú.

Ar a shon sin is uile, glactar leis, ach oiread le go leor tíortha eile ar domhan, Éire ina measc, go bhféadfadh líon na gcásanna sa Spáinn a bheith i bhfad níos airde ó tharla líon na dtástálacha atá á gcur ar dhaoine a bheith teoranta.

Tá os cionn 35,000 duine curtha den saol ag an bpaindéim san Eoraip agus is í an Iodáil, an Spáinn, an Fhrainc agus Sasana na tíortha is measa atá buailte.

Sa Fhrainc, mar a bhfuil os cionn 4,000 duine básaithe, tá rabhadh tugtha do dhaoine fanacht ag baile do bhriseadh na Cásca, tráth an grand départ nuair a imíonn go leor as baile ar saoire de ghnáth. Beidh bacainní ar bhóithre agus tuilleadh saighdiúirí agus póilíní ar dualgas lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid i mbliana.

563 duine a bhí buailte ag Covid-19 atá básaithe le lá anuas, a dúirt Roinn Sláinte na Ríochta Aontaithe. 2,921 atá básaithe anois, 163,194 tástáil atá déanta agus toradh dearfach ar 33,718 acu.

Tá 50 duine eile bhí buailte ag Covid-19 básaithe in Albain le lá anuas agus 126 básaithe faoin tráth seo. 19 duine eile a bhí i gceist sa Bhreatain Bheag, mar a bhfuil 117 duine básaithe.

Má táthar dóchasach go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna nua san Iodáil agus sa Spáinn, tá méadú as cuimse ag teacht ar líon na gcásanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is mó ina bhfuil cásanna deimhnithe den ghalar. Tá os cionn 225,000 cás deimhnithe anois i Meiriceá agus os cionn 5,000 duine básaithe.

Thart ar 10 milliún duine a chaill a bpost i Meiriceá le coicís anuas.

Tá Comhdháil Uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá curtha siar go dtí an 17 Lúnasa. Bhí an chomhdháil seachtaine, ag a roghnófar an t-iarrthóir a thabharfaidh aghaidh ar Donald Trump, le bheith ar siúl mí Iúil in Milwaukee.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 4,623 cás den choróinvíreas atá deimhnithe in Éirinn, 3,849 cás ó dheas den teorainn agus 774 cás ó thuaidh di, agus tá 134 duine básaithe.

Níos mó