Tá 22 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe agus 424 cás nua deimhnithe ó dheas.
Os cionn 5,000 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn.
Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan tráthnóna go raibh “imní” ann go háirithe faoin líon na gcásanna den ghlalar i dtithe altranais.
Maidir leis an 22 duine is déanaí a bhásaigh aon fhear déag agus aon bhean déag a bhí i gceist. San oirthear a bhí 18 de na daoine a bhásaigh, bhí triúr sa deisceart agus duine amháin in iarthar na tíre.
Bhí fadhbanna sláinte eile ag seisear déag acu.
Tá 168 duine leis an gcoróinvíreas básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 48 duine ó thuaidh den teorainn agus 120 duine ó dheas di. 5,177 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 4,273 cás ó dheas agus 904 cás ó thuaidh.
Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh dháréag eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.