Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gael-og-as-baile-atha-cliath-i-measc-190-dochtuir-ar-bronnadh-ceim-orthu-ag-searmanas-ar-line-oe-gaillimh

Gael óg as Baile Átha Cliath i measc 190 dochtúir ar bronnadh céim orthu ag searmanas ar líne OÉ Gaillimh

| Tuairisc.ie |

Tá Lorcán Ó Maoileannaigh, Gael óg as Baile Átha Cliath i measc 190 dochtúir óg a cháiligh in OÉ Gaillimh ar bronnadh céimeanna orthu ag searmanas bronnta ‘fíorúil’ a craoladh beo ar leathanach Facebook na hollscoile inné.

Suite ina sheomra suí i Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, a bhí Lorcán Ó Maoileannaigh nuair a bronnadh Baitsiléir Onóracha sa Leigheas air, agus é ag breathnú ar an searmanas bronnta digiteach ar Facebook Live.

Seo an chéad uair le 175 bliain nach bhfuil searmanais bronnta céime á reáchtáil ar an láthair ag an ollscoil. Is go digiteach a bhronntar céimeanna ar 310 céimí de chuid OÉ Gaillimh an t-earrach seo de bharr na srianta a bhaineann leis an bpaindéim COVID-19. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Lorcán Ó Maoileannaigh, cainteoir líofa Gaeilge as Baile Átha Cliath, gur “faoiseamh mór” dó féin agus dá chomhchéimithe eile an chéim a bheith bainte amach acu agus go raibh “brú mór” orthu le roinnt seachtainí anuas.

“Bhí mórán brú orainn ullmhú do na scrúdaithe in achair gairid. Foláireamh ceithre lá a fuair muid i gcás na scrúduithe praiticiúla, a tugadh chun tosaigh go mór toisc na hollscoileanna a bheith dúnta.

“Ba dhúshlán mór é ach táim an-sásta go bhfuil an chéim bainte amach againn anois agus go mbeidh muid réidh le dul i mbun oibre sna hospidéil go luath,” a dúirt Ó Maoileannaigh.

Nuair a thosaigh ráig an choróinvíris, rinne OÉ Gaillimh cinneadh scrúduithe leighis bhliain na céime a reáchtáil níos luaithe ná mar a bhí beartaithe le go mbeadh na céimithe leighis ar fáil le dul ag obair sa chóras sláinte.

Dúirt Ó Maoileannaigh, iardhalta de chuid Choláiste Eoin, an iarbhunscoil lán-Ghaeilge aitheanta i mBaile Átha Cliath, go bhfuil sé “neirbhíseach” agus é ag dul i mbun a ghairme agus an tír “i lár ghéarchéim an choróinvíris” ach gur mheas sé go mbeadh tacaíocht ar fáil do na dochtúirí nuacháilithe.

“Tá mé ag labhairt le dochtúirí atá ag obair sna hospidéil go rialta, daoine a bhí bliain romham ar an ollscoil agus táthar ag insint dom faoi chúrsaí san ospidéal.

“Tá go leor acu i mbun tréimhse diantraenála faoi láthair le go mbeidh siad réidh le dul i mbun oibre nuair a shroicheann an galar an buaicphointe. Táim neirbhíseach ach tuigim go mbeidh tacaíocht ar fáil dúinn agus táim lánsásta páirt a ghlacadh san iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim.”

Cuirfear in iúl do na dochtúirí nuacháilithe ag tús na míosa seo chugainn cén t-ospidéal ina mbeidh siad lonnaithe agus tabharfar coicís ansin dóibh le lóistín a aimsiú nó cibé socruithe eile a dhéanamh sula dtosaíonn siad ar a gcuid oibre sna hospidéil éagsúla.

Thréaslaigh an tAire Sláinte Simon Harris agus an Dochtúir Michael Ryan, Stiúrthóir Feidhmeannach WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, leis na dochtúirí nuacháilithe le linn an tsearmanais a craoladh ar leathanach Facebook OÉ Gaillimh ar maidin.

“Bhí sé aisteach ar bhealach agus muid ar fad sa bhaile ag breathnú ar an searmanas ar Facebook, ach deas ag an am céanna. Is mór an spreagadh na teachtaireachtaí pearsanta ón Aire Sláinte Simon Harris agus ó Michael Ryan ó WHO. Labhair siad faoin obair a bheas ar siúl againn agus dúirt siad linn gan a bheith imníoch toisc tacaíocht a bheith ar fáil dúinn,” a dúirt an Dr. Lorcán Ó Maoileannaigh.

Lorcán Ó Maoileannaigh

Ag an searmanas ar líne tugadh aitheantas do mhic léinn fud fad na hÉireann agus na hEorpa chomh maith le mic léinn as Malaeisia, Ceanada, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Brúiné, Singeapór, SAM, an tSín, an Chóiré Theas, Neipeal, an India, an Phacastáin, an Iaráic, an Bhrasaíl, Eacuadór agus Vítneam.

Dúirt Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh gur “tréimhse neamhghnách” na laethanta seo ach gur “daoine iontacha” iad céimithe na hollscoile.

“Cé go bhfuil an-díomá orainn nach féidir linn an lá speisialta seo a cheiliúradh lenár gcéimithe go pearsanta, táimid ag súil go mór leis an ócáid a cheiliúradh agus beannachtaí a roinnt leo ar líne. Déanfaimid an lá seo a shamhlú le chéile agus muid ag breathnú chun cinn ar laethanta níos fearr amach anseo.

“In imeacht 175 bliain OÉ Gaillimh, bhí lámh ag ár bhfoireann agus ag ár mic léinn san iliomad imeachtaí domhanda agus táimid an-bhródúil astu siúd atá ag troid go cróga in éadan phaindéim COVID-19 in Éirinn agus i bhfad i gcéin. Ceanglaíonn an pobal seo na daoine sin a thug aghaidh ar dhúshláin mhóra san am atá thart, trí thiomantas a léiriú do leas an phobail agus do na luachanna is mó atá againn,” a dúirt Uachtarán na hOllscoile.

Dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh gur ábhar inspioráide iad na mic léinn agus baill foirne de chuid na hollscoile atá ag obair sna seirbhísí ar an líne thosaigh le linn na géarchéime Covid-19.

“Tá ár mic léinn agus ár bhfoireann ag obair sna seirbhísí tosaigh, ag déanamh tástálacha agus ag cur cóir leighis orthu siúd atá thíos leis an tinneas millteanach seo, agus is inspioráid dúinn uile an neamhleithleasacht agus an tiomantas a léiríonn siad,” a dúirt an tUachtarán, Ciarán Ó hÓgartaigh.

Tá sé i gceist ag Ollscoil na hÉireann ócáidí neamhoifigiúla a reáchtáil san fhómhar do chéimithe a bhainfidh céim amach ó chian an tseachtain seo.

“Laethanta tábhachtacha iad seo i saol na hollscoile agus ár mac léinn agus táimid ag súil le teacht le chéile in éineacht leo amach anseo nuair a bheidh laethanta níos fearr ann,” a dúirt Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh.

Beidh searmanais bhronnta eile ar siúl an tseachtain seo do chéimithe máistreachta agus dochtúireachta.

Níos mó