Vóta ar son polasaí Gaeilge caite ar ríomhphost ag mic léinn
Vótáil baill d’Aontas na Mac Léinn gColáiste na Tríonóide go dtabharfaí polasaí Gaeilge isteach den chéad uair.
Ghlac comhairle Aontas na Mac Léinn leis an rún ag an gcruinniú deireanach a bhí acu agus cuirfear an polasaí i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.
Agus cosc ar dhaoine bailiú le chéile, reáchtáladh an cruinniú ar líne agus caitheadh na vótaí faoin bpolasaí Gaeilge tríd an ríomhphost.
Dúradh gur glacadh leis an rún chun go mbeifí in ann “freastal ceart a dhéanamh ar ár mbaill arb í an Ghaeilge a gcéad teanga”.
Is é Oifigeach na Gaeilge a scríobhfaidh an polasaí agus déanfar athbhreithniú air ar a laghad uair sa bhliain.
Is í Mairéad Ní Sheanlaoich a bheidh ina hoifigeach Gaeilge ag Aontas na Mac Léinn an bhliain seo chugainn. Toghadh í an tseachtain seo caite agus tiocfaidh sí i gcomharbhacht ar Mhuireann Nic Corcráin, a mhol an rún maidir le polasaí Gaeilge.
Reáchtáladh toghchán agus feachtais toghchánaíochta Aontas na Mac Léinn ar líne.