![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘coroinvireas’-an-focal-is-mo-a-bhfuil-borradh-faoi-ar-line-in-2020](/wp-content/themes/yootheme/cache/03/coroinvireas-an-focal-is-mo-a-bhfuil-borradh-faoi-ar-line-in-2020-0304fe8a.jpeg)
‘Coróinvíreas’ an focal is mó a bhfuil borradh faoi ar líne in 2020
Is iad na focail ‘coróinvíreas’ agus ‘víreas’ na focail is mó atá i mbéal an phobail ar líne ó thús na bliana seo, de réir eolais a roinn an tOllamh Kevin Scannell inniu.
Coinníonn an tOllamh Scannell, atá ag cur faoi i nGaeltacht na Gaillimhe faoi láthair, súil ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta. De réir a chuid taighde, tá borradh mór faoi fhocail a bhaineann leis an víreas corónach agus leis na srianta diana a tugadh isteach an mhí seo caite le dul i ngleic leis.
Baineann na deich bhfocal is mó a bhfuil borradh fúthu in 2020 uilig le scéal an víris.
“Dianghlasáil” atá sa dara háit ar an liosta, an téarma a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar na srianta diana atá i bhfeidhm ó lár na míosa seo caite le scaipeadh an víris a chosc. Táthar ag iarraidh ar phobal na hÉireann gan aon “gartheagmháil” (3) a bheith acu lena chéile ar feadh na seachtainí atá amach romhainn.
Tá “víreolaithe” (5) ag iarraidh ar dhaoine a bhfuil comharthaí sóirt an víris orthu cheana féin iad féin a “fhéinleithlisiú” (4), is é sin le rá “coraintín” (6) thar a bheith dian a choinneáil.
Ó thosaigh an ráig san Eoraip thart ar dhá mhí ó shin, díoladh go leor buidéal “díghalráin” (7) agus imní mhór ar an bpobal faoin “bpaindéim” (8). Tá an saol athraithe ó bhonn de bharr an víris agus i bhfad níos mó daoine ar fud an domhain dífhostaithe anois nó i mbun “cianoibre” (9) de bharr na tubaiste “eipidéimeolaíche” (10).
Na deich bhfocal a bhfuil an borradh is mó fúthu ar líne i 2020:
1. (coróin)víreas
2. dianghlasáil
3. gartheagmháil
4. féinleithlisiú
5. víreolaí
6. coraintín
7. díghalrán
8. paindéim
9. cianobair
10. eipidéimeolaíoch
Tuilleadh eolais ó https://t.co/InA3ROgrP6— Caoimhín Ó Scanaill (@kscanne) April 8, 2020
Is féidir uirlis atá ag Kevin ar a shuíomh pearsanta, Cadhan.com, a úsáid le treochtaí na bhfocal seo thuas a fheiceáil.