Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘duradh-le-mo-bhean-go-raibh-seans-50/50-agam’-–-a-sceal-inste-ag-gaeilgeoir-aitheanta-a-chiath-os-cionn-coicise-i-gcoma

‘Dúradh le mo bhean go raibh seans 50/50 agam’ – a scéal inste ag Gaeilgeoir aitheanta a chiath os cionn coicíse i gcóma

| Tuairisc.ie | ,

Tá cúr síos déanta ag Gael aitheanta as Béal Feirste ar an seal a chaith sé go dona tinn in ospidéal leis an gcoróinvíreas.

Chaith Niall Murphy, Gaeilgeoir, dlíodóir agus feachtasóir, os cionn coicíse i gcóma in Ospidéal Cheantar Aontroma agus é i mbéal an bháis.

“Cuireadh comhairle ar mo bhean chéile oíche amháin go raibh seans 50/50 ann go dtiocfainn slán as,” a deir Murphy in agallamh le Meon Eile.

“Bhí mé i gcóma ar feadh 16 lá, i ngan fhios dom féin dar ndóigh, ach d’iompar mo theaghlach an tromualach.”

Cuireadh Murphy ar aerálaí agus é san aonad dianchúraim san ospidéal ach, ar an deá-uair, tháinig biseach ollmhór air agus thug oibrithe sláinte bualadh bos dó nuair a ligeadh amach as an aonad dianchúraim é Aoine an Chéasta.

Bualadh bos ó oibrithe sláinte an @NHS do Niall Murphy, Gael aitheanta atá ligthe amach as an ionad dianchúraim, mar a raibh sé go dona tinn leis an gcoróinvíreas le roinnt seachtainí anuas. pic.twitter.com/oMbBAhkRQX

— Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) April 11, 2020

Tá Murphy ina pháirtnéir sa chomhlacht dlí KWR Law agus clú agus cáil air as lear mór cásanna dlí éagsúla, ina measc cinn inar chosain sé cearta íobartaigh na dTrioblóidí.

Sheas sé an fód go minic do chearta teanga chomh maith agus tá sé ina chrann taca ag an bhfeachtas ar son achta Gaeilge.

Bhí ar an bhFeirsteach taisteal go Nua-Eabhrac mí an Mhárta sular bualadh tinn é agus is dóigh leis gur ann a tholg sé an víris.

“Measaim gur tholg mé é sa tacsaí chuig an aerfort, san aerfort nó ar an eitleán féin.”

Nuair a d’fhill sé ar an mbaile níor bhraith Murphy aon siomptóim ar feadh cúpla lá. Lean sé air ag obair ach chuaigh rudaí in olcas ag an deireadh seachtaine.

Agus fiabhras air, rinne Murphy féinleithlisiú sa bhaile. Nuair nár tháing aon bhiseach air, áfach, chuaigh Murphy go dtí an otharlann ar an 25 Márta.

Deimhníodh go raibh an coróinvíreas air. D’éirigh sé níos measa agus cuireadh ar an aerálaí é.

Ghabh Murphy buíochas le gach duine a thug aire dó agus é san ospidéal agus thug sé ardmholadh do lucht na seirbhísí sláinte atá ag obair go crua faoi láthair.

Tá na daoine seo ar comhchéim leis na foirne dóiteáin a dheifrigh isteach sa Dá Thúr ar 9/11, ach iarradh orthu dul i ngleic leis an ghéarchéim seo agus easpa trealaimh cosanta phearsanta orthu,” arsa Murphy.

Níos mó