![](/wp-content/themes/yootheme/cache/f8/three2_1000_34782456_1035347859960657_6815545136571744256_o-f89e7f67.jpeg)
Saol an mhúinteora ón bhaile
Labhair múinteoir ó Choláiste Feirste, Maedhbh Nic Aindreasa, le Meon Eile faoin mhodh teagaisc atá aici ar ‘Google Classroom’ faoi láthair agus í ag obair ón bhaile.
Mar thoradh ar COVID-19, tá múinteoirí ag smaoineamh ar bhealaí difriúla le teagasc éifeachtach a dhéanamh ar líne.
Míníonn sí na deacrachtaí atá i gceist le bheith ag staidéar nó ag obair ón bhaile ach tugann sí comhairle do dhaltaí sa bhaile maidir lena gcuid oibre a dhéanamh agus teagmháil a choinneáil le múinteoirí sa tréimhse amach romhainn.