Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-ceamarai-muchta-go-foill-ag-lucht-scannanaiochta-na-gaeilge-agus-na-gaeltachta

Na ceamaraí múchta go fóill ag lucht scannánaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta

Is iomaí tionscal atá buailte ag an ghéarchéim sláinte, ach fágann nádúr na hoibre gur measa atá tionscail áirithe buailte ná a chéile.

Dream iad lucht scannánaíochta a bhíonn amuigh faoin aer go minic ag iarraidh ‘saol eile’ a chruthú dúinn agus tá an saol sin ina stad faoi láthair chomh maith.

Bhí Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir agus bunaitheoir ROSG, a rinne an scannán faisnéise Murdair Mhám Trasana, i mbun fad-dráma faisnéise eile do TG4 nuair a thosaigh an ghéarchéim.

“Tá go leor den obair réamhléiriúcháin curtha amú againn ar an léiriú atá idir lámha againn. Bhí muid ar tí a bheith ag scannánú i nGaoth Dobhair. Chaill chuile dhuine a bpost. Tá an criú uilig caillte againn.

“Bíonn móiminteam ar leith i gceist le léiriúcháin agus nuair a stopann tú ag obair cailleann tú airgead. Níl aon chomparáid idir sin agus an t-airgead a chaillfí dá mbeadh tús curtha leis an scannánaíocht. Rinne muid cinneadh an scannánú a chur siar luath sa lá toisc an baol a bheith ann go mbuailfeadh an víreas duine den fhoireann agus go mbeadh orainn ar fad stopadh den obair.”

Murdair Mham Trasna

An rud is mó a chuirfeas as don léiriúchán ach a thosófar arís ná scaipeadh na n-éan a bheith curtha ar an fhoireann a bhí curtha le chéile le dua ag Ó Cofaigh.

“Bíonn go leor iomaíochta againn leis na léiriúcháin mhóra ó thaobh foireann léiriúcháin a chur le chéile, cé gur éirigh linn sin a dhéanamh. Tá ceithre nó cúig cinn de léiriúcháin mhóra amhail Troy Studios i Luimneach ag tarraingt go leor daoine chucu agus buiséad i bhfad níos mó acu. Tá mé ag súil go mbeidh muid ar ais i mbun scannánaíochta nuair a bheidh an droim den ráig seo briste. Bheinn ag súil go mbeadh muid i mbun scannánaithe i sa samhradh, ach ní fhéadfá a bheith cinnte faoi sin.”

Deir Niamh Ní Bhaoill, comhbhunaitheoir Aniar TV, a bhíonn ag soláthar go leor clár do TG4 gur fhág an ráig go raibh ar an gcomhlacht athbhreithniú a dhéanamh ar go leor dá raibh ar siúl acu agus go leor dá raibh beartaithe acu.

“Tá go leor tograí idir lámha againn; cuid acu atá bunaithe ar chluichí spóirt agus cuid eile is cláracha ceoil iad. Tá eagarthóirí agus stiúrthóirí, go pointe, in ann a bheith ag obair leo ar na cláracha sin a bhfuil críoch curtha leis an scannánaíocht dóibh. Bhí sraitheanna eile beartaithe againn i rith an tsamhraidh. Bhí orainn athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí sin agus socrú a dhéanamh le TG4 faoi na léirithe sin nach mbeidh ag leanúint ar aghaidh an samhradh seo.

“Tá an chuma ar chúrsaí go leanfaidh an ráig seo ar aghaidh ar feadh píosa eile. Beidh an earnáil closamhairc chomh buailte céanna le haon earnáil eile. An saghas oibre a dhéanann muid bíonn muid amuigh i measc na ndaoine, mar sin tá sé an-deacair a shamhlú go mbeidh aon obair léiriúcháin ag dul ar aghaidh go ceann roinnt míonna eile.”

Dúirt Paddy Hayes, Stiúrthóir Magamedia, go bhfuil sé buíoch go raibh deireadh curtha le taifeadadh an fhadscannáin a bhí á léiriú aige do Cine 4 TG4 faoin am a thosaigh an ráig.

“Tá eagarthóireacht le déanamh ar chúpla léiriúchán agus tá muid buíoch as an méid sin. Ag brath ar cé chomh fada is a mhairfidh an ráig seo beidh muid in ann leanúint ar aghaidh. Níl ach cúigear againn ag obair go lánaimseartha le Magamedia agus níl aon bhaol ann go gcaillfear aon phost go fóill.

“Chuir muid críoch le scannán roimh Nollaig agus tá an obair iarléiriúcháin le déanamh againn air sin. I ndiaidh mhí an Mheithimh, mura mbeidh tús curtha le hobair léiriúcháin arís, beidh orainn machnamh a dhéanamh ar cad atá romhainn. “

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 tionchar ag an ghéarchéim ar an earnáil neamhspleách mar atá i ngach réimse eile den tsochaí agus gurb í “an phríomh-imní atá ar TG4 ná aon duine atá bainteach leo mar eagraíocht “a choinneáil sábháilte”.

Idir an dá linn, tá dhá bhabhta coimisiúnaithe fógartha ag TG4 chun tacú leis an earnáil chlosamhairc le linn ghéarchéim Covid-19. 

‘Pota ollsoláthair ilbhliantúil’ atáthar a thabhairt ar an gcéad chiste ar fiú €400,000 sa bhliain ar feadh ceithre bliana é don chomhlacht léiriúcháin a n-éireoidh leo.

Deirtear go bhfuil iarratais á lorg ar chláir a dhéanamh sna seánraí “Fíorasach, Stair Fhíorasach, Siamsaíocht Fhíorasach, agus Siamsaíocht Cheoil Thraidisiúnta”.

Is é an dara ciste nua atá fógartha ná ciste ‘forbartha clár’ agus €5,000 d’fhorbairt clár a bheidh le fáil ag comhlachtaí as an gciste sin.

Fógraíodh an tseachtain seo caite feisin an cúigiú babhta de Cine4, an scéim mhaoinithe d’fhadscannáin Gaeilge atá á reáchtáil ag TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Beidh €25,000 á chur ar fáil faoin scéim ‘Cine4’ d’fhorbairt chúig thogra agus cuirfear buiséad €1.2 milliún ar fáil amach anseo do dhá cheann acu sin chun fadscannán Gaeilge a dhéanamh.

I ráiteas  a chuir TG4 amach, dúirt Ardstiúrthóir an stáisiúin Allen Esslemont, go raibh na babhtaí is déanaí seo fógartha chun an “geilleagar scannán a choinneáil ag imeacht”.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 go raibh sé buíoch as na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh ag foireann choimisiúnaithe TG4 agus an earnáil neamhspleách chun an tionchar a bheadh ag an ngéarchéim COVID-19 ar an tionscal “a laghdú”.

“Táim thar a bheith buíoch d’fhoireann choimisiúnaithe TG4 agus do na léiritheoirí neamhspleácha ar fad as an tslí a bhfuil siad ag obair le chéile féachaint le tionchar geilleagrach COVID-19 a laghdú, agus an bhéim a choinneáil ar an lucht féachana a bhfuil, in am seo na héigeandála, craoltóireacht seirbhíse poiblí níos tábhachtaí ná riamh dóibh,” a dúirt Alan Esslemont.

Níos mó