![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘peinteail-le-poilin’-–-rang-a-do-ar-siul-ar-instagram-nos-trathnona](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F05%2F22669%2Fpeinteail-le-poilin-rang-a-do-ar-siul-ar-instagram-nos-trathnona.jpeg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=4c65dd68)
‘Péinteáil le Póilín’ – rang a dó ar siúl ar Instagram NÓS tráthnóna
Beidh an dara rang inár sraith nua ealaíne ar siúl inniu ag 13.00 ar Instagram NÓS. Is í an dearthóir Póilín Nic Géidigh ag Cloch Chionnaola i nGaeltacht Thír Chonaill a bheidh linn arís le ruainne beag faoisimh a thabhairt dúinn aimsir seo na paindéime.
D’éirigh go seoigh le Póilín an tseachtain seo caite agus a rang tarraingthe ar siúl, agus ghlac go leor daoine páirt sa rang uair an chloig ar líne. Míol mór, ochtapas, agus smugairle róin a bhí idir lámha ag Póilín Dé Máirt seo caite, agus is ar ainmhithe na mara a bheidh sí ag díriú ar scuab arís an tseachtain seo.
Ní raibh ag teastáil don rang an tseachtain seo caite ach peann luaithe, ach beidh dath á chur le healaín na seachtaine seo agus beidh péinte uiscedhatha in úsáid aici.
“Ní gá achan rud a bheith rud a bheith agat le páirt a ghlacadh i rang an lae inniu, tuigim go bhfuil sé deacair ar dhaoine nach bhfuil an trealamh ealaíne acu sa bhaile cheana féin ábhar nua a cheannach faoi láthair. Ní de dhíobháil ach páipéar measartha trom, péint, nó fiú uirlisí eile daite ar nós maircéirí, agus babhla le ciorcal a tharraingt ar an pháipéar,” a dúirt Póilín.
Bí linn inniu @ 13.00 ar leathanach Instagram NÓS agus cuir chugainn do phictiúr ar na meáin shóisialta ina dhiaidh! Beidh an rang ar fáil ar Instagram go dtí 14.00 amárach.