![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-coirm-bheo-chaitlin-agus-chiarain-agus-imeachtai-baile-eile](/wp-content/themes/yootheme/cache/1d/coirm-bheo-chaitlin-agus-chiarain-agus-imeachtai-baile-eile-1d0ebf6e.jpeg)
Coirm bheo Chaitlín agus Chiaráin agus imeachtaí baile eile
Áiseanna úsáideacha ar líne ag an nGailearaí Náisiúnta
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2020/05/National-Gallery-of-Ireland-Grand-Gallery-Photo-%C2%A9-NGI-Photographer-Roy-Hewson-1024x687.jpg)
Ceann de na háiteanna is deise liom i mBaile Átha Cliath ná An Gailearaí Náisiúnta. Is fada go mbeidh mé in ann cuairt a thabhairt ar an láthair chun saothair ealaíne an bhailiúcháin a fheiscint, muga tae a ól sa chaife, nó leabhair áille (dhaora) a cheannach sa siopa ann! Idir an dá linn, tá lucht na háite ag cur físeán agus áiseanna úsáideacha in airde ar líne, chun sinn a choimeád ag imeacht! Tá ceardlann chéadfach gloine dhaite leagtha amach acu, a leanfá go héasca, ach na bunábhair chearta a bheith i do sheilbh. Tá acmhainní acu do scoileanna chomh maith – i mBéarla agus i nGaeilge, ach cuairt a thabhairt ar an suíomh.
Leabhair faoin nua-ealaín ón Guggenheim
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2020/05/d7hftxdivxxvm.cloudfront.net_-1024x576.jpeg)
Ní chreidim nár thuigeas go dtí díreach cúpla lá ó shin faoi fhógra Mhúsaem Guggenheim, i Nua-Eabhrac sna Stáit Aontaithe. Tá siad tar éis 200 leabhar a bhaineann leis an nua-ealaín a chur ar fáil, saor in aisce, ar shuíomh idirlín an mhúsaeim. Ní hamháin sin, ach tá tú in ann iad a íoslódáil agus iad a shábháil i bhfoirm PDF, le filleadh orthu amach anseo. Má tá cúram ar bith romham an deireadh seachtaine seo, sin é é – uaireanta an chloig a chaitheamh ag féachaint, ag foghlaim agus ag titim i ngrá le pictiúir!
Tú Féin ar an Scáileán, comórtas le TG4
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2020/05/bfi-see-yourself-on-screen-challenge-1000x750-v1.jpg)
Is minic mé ag trácht ar chomórtais ar leathanach seo na n-imeachtaí, agus seo arís mé inniu! ‘Tú Féin ar an Scáileán’ atá mar theideal ar an gceann seo, agus é dírithe ar dhaoine óga idir 4-18 bliana d’aois. Aidhm an chomórtais ná clár gairid teilifíse a chruthú agus tú sáinnithe sa bhaile! An BFI (British Film Institute) atá ina bhun i gcomhar le stáisiúin faoi leith, a chraolfaidh na cláracha gairide amach anseo, ina measc TG4! Tá gach eolas faoin gcomórtas le fáil ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo.
Caitlín agus Ciarán, coirm bheo ar Facebook, Dé Domhnaigh 17 Bealtaine @ 18.30
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2020/05/Ciaran-Caitlin-Press-1024x682.jpg)
Mar chuid den tsraith #IrelandPerforms, eagraithe ag Cultúr Éireann, beidh Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann beirt le feiscint i mbun an cheoil, Dé Domhnaigh beag seo, 17 Bealtaine ar Facebook. Táim ag baint ana-thaitneamh as físeáin Chaitlín ar na meáin shóisialta faoi láthair agus í ag iarraidh an consairtín a sheinm le beirt leanaí ina timpeall! Tuilleadh spraoi den sórt sin romhainn amach más ea, ar an leathanach Facebook seo Dé Domhnaigh!
Campaí samhraidh Fighting Words
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2020/05/polarization-compressor-1024x1024.jpg)
Bhí an deis agam cúpla bliain ó shin bheith ag cabhrú le campa samhraidh na heagraíochta Fighting Words, dream a spreagann daoine óga chun a bheith ag scríobh agus ag léamh! Bhí sé ar fheabhas agus bhaineas oiread taitnimh as agus a bhain na daltaí, deinim amach. Tá campaí na bliana seo le bheith ar siúl fós, ach ar-líne amháin… agus iad dírithe ar dhá aoisghrúpa faoi leith – iad siúd atá idir 11-13 bliain d’aois agus 14-17 bliain d’aois. Beidh na campaí ar siúl óna 10:00-15:00, Luan go hAoine, agus níl aon chostas orthu. Seo nasc chuig na sonraí ar fad!