Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh aon lá ón 26 Márta.
Bhásaigh beirt den cheathrar ag an deireadh seachtaine agus tharla bás na beirte eile i mí Aibreáin.
D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart níos túisce tráthnóna go raibh seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.
2,029 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,547 duine ó dheas den teorainn agus 482 ó thuaidh di.
88 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna, rud a fhágann gur 28,601 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,200 cás ó dheas den teorainn agus 4,401 cás ó thuaidh.
Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna ur údar imní é go léiríonn suirbhé nua go bhfuil 46% den phobal den tuairim go bhfuil an chuid is measa den phaindéim curtha dínn againn.
Ach dúirt Holohan go raibh sé dóchasach go bhféadfaí an galar a choimeád faoi chois agus tús curtha le scaoileadh na srianta dianghlasála inniu.
Bhí sé dóchasach go bhféadfaí tosú ar an dara tréimhse de phlean díchuibhrithe an rialtais faoi cheann trí seachtaine bunaithe ar an tslí ar chloígh formhór mór de mhuintir na hÉireann leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí go dtí seo.
Dúirt an Dr Holohan go mbeadh seachtain ar a laghad ann sula bhfeicfí cén lorg a d’fhágfadh an cinneadh tús a chur le scaoileadh na srianta ar scaipeadh an ghalair agus líon na gcásanna nua.
Ní bheidh aon seisiún faisnéise do na meáin ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí amárach ó tharla go mbeidh an Príomh-Oifigeach Leighis os comhair an choiste Dála nua a bunaíodh le scrúdú a dhéanamh ar an tslí a láimhseáladh an phaindéim go dtí seo.