Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fainic-curtha-ag-holohan-ar-harris-faoi-chuairteoiri-on-mbreatain-a-bheith-ag-seachaint-an-choraintin

Fainic curtha ag Holohan ar Harris faoi chuairteoirí ón mBreatain a bheith ag seachaint an choraintín

| Tuairisc.ie |

Tá fainic curtha ag an bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, ar an Rialtas go bhféadfadh paisinéirí a bheadh ag teacht chun na tíre seo as an mBreatain an coraintín 14 lá a sheachaint ach taisteal go dtí an Tuaisceart agus a mbealach a dhéanamh ó dheas ansin.

I litir a sheol an Dr Holohan chuig an Aire Sláinte Simon Harris ar an 12 Bealtaine, dúirt sé go bhféadfadh an lúb ar lár seo a bheith ina contúirt sláinte don phobal.

Mhol an Dr Holohan don Rialtas dul i ngleic leis an gcontúirt a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr “cásanna thar tír isteach a bheadh bainteach le taisteal nach raibh riachtanach ón mBreatain agus tríd an mBreatain go Tuaisceart Éireann agus as sin ó dheas den teorainn”. Tharlódh sin, a dúirt sé, sa gcás go mbeadh rialacha éagsúla i bhfeidhm maidir le daoine ag taisteal ó áiteanna thar lear.

Dúirt an Dr Tony Holohan le Coiste Covid-19 na Dála inniu nach bhféadfadh sé aon gheallúint a thabhairt faoi cathain a bheifí in ann deireadh a chur leis na rialacha coraintín 14 lá atá ar phaisinéirí a thagann isteach chuig aerfoirt agus calafoirt na hÉireann.

“Tá sé i bhfad róluath chun aon mheasúnú a dhéanamh, braitheann sé ar an staid ina mbeidh ionfhabhtuithe ar an oileán seo, sa mBreatain, sna Stáit Aontaithe agus sa gcuid eile den domhan,” a dúirt sé.

Chosain an Dr Tony Holohan an cinneadh a rinneadh maidir le cathain ba cheart srianta a chur ar chuairteoirí chuig ionaid altranais. 

Mhaígh sé gur chuir an tír seo srianta i bhfeidhm “níos gasta ná aon tír eile sa domhan” chomh luath is a deimhníodh cás den choróinvíreas in ionad altranais.

Ag cruinniú an lae inniu i dTeach Laighean, d’admhaigh Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, Jim Breslin, gurbh amhlaidh “a caitheadh le chéile”  an córas tástála do Covid-19 ach mhaígh sé go raibh an córas á athdhearadh anois “ó bhun go barr” ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt Jim Breslin leis an gcoiste Oireachtais speisialta ar an gcoróinvíreas gurb í an sprioc atá acu anois go mbeadh torthaí 70% de na tástálacha ar ais i gceann trí lá.

Dúirt sé chomh maith go leanfaí leis an socrú leis na hospidéil phríobháideacha mar go bhféadfadh brúisc eile den ghalar a bheith ann.

“Ní córas sláinte muid a bhfuil acmhainn rómhór againn,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur mór an dúshlán a bheidh s roimh an gcóras sláinte go ceann tamall fada mar go dtógfadh cuid mhór córacha leighis níos mó ama agus go gcosnódh siad níos mó.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Tony Holohan leis an gcoiste gur “sárú rúndachta, agus sin eile”a bhí sa nós a bhí ag an HSE torthaí tástála Covid-19 fostaithe a chur ar fáil dá bhfostóirí.

Dúirt Holohan nár chóir go mbeadh fostóirí ag fáil “aon torthaí a bhaineann le duine ar bith dá bhfostaithe”.

Dúirt sé an méid sin tar éis dó a theacht chun solais gur chuir an HSE na torthaí tástála ar fail d’fhostóirí ina lán cásanna, agus i roinnt cásanna, rinneadh sin sular cuireadh ar fáil don fhostaí féin iad.

Níos mó