Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-16-duine-eile-le-covid-19-basaithe,-an-lion-is-lu-casanna-le-66-la-deimhnithe

16 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú cásanna le 66 lá deimhnithe

| Tuairisc.ie | ,

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 16 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

51 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ón 14 Márta, 66 lá ó shin.

2,050 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,561 duine ó dheas den teorainn agus 489 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart níos túisce inniu go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

28,672 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,251 cás ó dheas den teorainn agus 4,421 cás ó thuaidh.

Faoi mheán oíche Dé Luain, 295,626 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 36,818  tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 932 duine, nó 2.5% de na daoine a tástáladh, i gcomparáid le 3.3% seachtain ó shin.

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) gur dea-scéal é nach raibh aon mhéadú mór tagtha ar líon na ndaoine a lorg tástáil nó ar líon na ndaoine a deimhníodh go raibh an galar orthu in ainneoin go raibh na critéir do thástáil níos boige ná mar a bhí.

“Léiríonn sé seo go bhfuil an Covid-19 á chur faoi chois ar bhonn seasmhach sa phobal,” arsa De Gascun.

49,891 tástáil don ghalar atá déanta sa Tuaisceart.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 976 den 1,561 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 859 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

71 ráig den ghalar a deimhníodh in ionaid chúraim an Tuaiscirt agus meastar go raibh ráig i 33 ionad eile. De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) bhain nach mór leath de na básanna de dheasca Covid-19 go dtí seo le hionaid chúraim.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,176 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,143 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 390 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,661 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,759 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit, le 1,379 cás, nó 6%, agus Corcaigh a bhí sa tríú háit le 1,372 cás, nó 5%
  • 438 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.8%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.3%), 477 cás bhí i nDún na nGall (2%), 147 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 782 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 60% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 37% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%.

Níos mó