![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘failte-chuig-an-ghaeltokt’-–-leathanach-nua-tiktok-do-na-gaeil](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F05%2F23338%2Ffailte-chuig-an-ghaeltokt-leathanach-nua-tiktok-do-na-gaeil.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=e8fa53f1)
‘Fáilte chuig an Ghaeltokt’ – leathanach nua TikTok do na Gaeil
Cruthaíodh leathanach nua do chainteoirí Gaeilge ar an suíomh TikTok inné. Tá sé i gceist ag lucht a chruthaithe an t-ardán a úsáid le físeáin a bheidh “greannmhar, eolasach agus topaiciúil” i nGaeilge a chrochadh, chomh maith le “mioncheachtanna Gaeilge a bheidh furasta a thuiscint” a chur ar fáil.
Is iad na “GaelTokkers” Conor Ó Lúadhóg, Ruairí Egan, Leah Ní Mhurchú, agus Póilín Nic Géidigh an tí seo atá taobh thiar den leathanach agus deir siad go bhfuil siad ag iarraidh “an Ghaeilge a chur chun cinn “ar an ardán nuálach, físiúil” le daoine eile óga “a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid ar líne.
@anghaeltoktRoghnaigh do Ghaeltokker! @conorlogue26 @lnimhurchu @poilination @leimthart ##gaeilge ##anghaeltokt ##irish ##chooseyourcharacter ##chooseyourfighter ##fyp
“Ba mhaith linn go mbeadh daoine óga bródúil as teanga na hÉireann. Go rómhinic a bhíonn daoine ag meas nach féidir leis an Ghaeilge a bheith nua-aimseartha agus faiseanta. Is í an aidhm atá againn ná an nasc atá ag daoine ina gcloigeann idir an Ghaeilge agus an seomra ranga a laghdú, agus taispeáint gur féidir an chraic a bheith agat go nádúrtha i nGaeilge,” a dúirt Póilín Nic Géidigh.
@anghaeltokt Fáilte go dtí An Ghaeltokt! @conorlogue26 @poilination @lnimhurchu @leimthart ##gaeilge ##anghaeltokt ##irish
Is féidir an leathanach a leanacht anseo.