Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Cogadh na nDealbh: tuiscint ag teastáil

| 1 | ,

Concubhar Ó Liatháin

An bhfuil mire éigin tar éis seilbh a fháil orainn mar gheall ar an víreas seo? Ritheann an smaoineamh sin liom agus mé ag tabhairt faoi deara an sceanairt a rinne a chuig comhleacaithe sna Glasaigh ar cheannaire an pháirtí, Eamon Ryan, mar gur úsáid sé an ‘focal n’ agus é ag iarraidh cáineadh a dhéanamh ar an gciníochas in Éirinn le déanaí.

Mhothaigh mé go rabhas ag faire ar chonairt ag stracadh an phíomhchú as a chéile agus é gonta is níos laige. Aithním an siondróm sa mhéid atá feicthe agam i gcás Eamon Ryan, a bhí ag iarraidh rud éigin a mhúineadh seachas a bheith ag iarraidh a bheith dímheasúil ar an gcine gorm in aon slí.

Ar nós fear meánaosta eile, bhí an tslí ar dúirt sé an méid a dúirt sé tuatach is dócha ach níor thuill sé an freagra a fuair sé ó Thurcaigh Óga a pháirtí. D’eisigh siad raitis á cháineadh go poiblí tráth a raibh an páirtí ag idirbheartaíocht chun dul i gcomhrialtas le Fine Gael agus Fianna Fáil, ina mbeadh an margadh seo ag fíorú cuid mhór d’aislingí na nGlasach.

Cé a dhéanann sin?  Dá mbeidís tar éis buama a chur ar rothar a gceannaire is ar éigean a bheadh an oiread dochair déanta acu. Is cinnte nár chabhraigh siad le feachtas Catherine Martin, an TD a dtacaíonn siad leo chun bheith ina ceannaire ar an gComhaontas Glas.

Ar shlí is cuma liom faoi streachailtí cumhachta sa Chomhaontas Glas. An dochar níos mó atá déanta ag Turcaigh Óga na nGlasach ná go bhfuil siad tar éis a chur in iúl nach féidir díospóireacht oscailte a bheith againn faoin chiníochas in Éirinn. Má dhéanann siad an rud a rinne siad ar cheannaire a bpairtí am ar bith eile gan trácht ar an am seo, cad a dhéanfadh siad ar fhear nó ar bhean a bheadh ag iarraidh dearcadh a chur in iúl nach raibh ag teacht lena leagan cúng den pholataíocht agus a dtuiscint chúng fé cad atá ceadaithe sa dioscúrsa poiblí?

An rud a thugaimse faoi deara fén mhugáil pholaitúil a deineadh ar Eamon Ryan ná go bhfuil sé mar a tharlódh sé sna meáin shóisialta, nuair a deir duine éigin rud éigin atá as alt leis an gcomhthuiscint tréada, go léimeann gach éinne ar an duine sin le maslaí nach fiú leathphingin iad de ghnáth ach nuair a thagann ualach acu le chéile ag an am céanna, bhuel, sin scéal eile.

Ar fud na cruinne tá daoine ag léirsiú in éadan an leatroim atá déanta agus á dhéanamh ar an gcine gorm i gcaitheamh na nglúnta. Is iontach an rud é a fheiscint, tá sé cosúil le bheith i láthair sa suíochán tosaigh i réabhlóid dhomhanda. Tá seo ag tarlú tráth a bhfuil paindéim idirnáisiúnta ann atá ag tuile agus ag trá ar nós na taoide i gcuantaibh éagsúla an tsaoil.

Tá am againn machnamh níos doimhne a dhéanamh ar chúrsaí de bharr na paindéime gan amhras agus b’fhéidir gurb é sin an fáth a bhfuil an oiread sin mothúchán faoin gceist anois. Is iomaí uair ar mharaigh póilín geal fear gorm i Stáit Aontaithe Mheiriceá ach ní fhaca mé an mothúchán ag leathadh ar fud na cruinne mar atá tarluithe anois.

Tabharfar an chreidiúint do na meáin shóisialta as sin – ach sílimse go bhfuil rud éigin nios doimhne arís ag titim amach: go bhfuilimid ag ath-aimsiú rud a bhí caillte – nó a chreideamar go raibh sé caillte ar a laghad. Is é sin ár ndaonnacht. Tuigimid anois níos fearr ná riamh gur rud leochaileach í an bheatha agus nach bhfuil an bás chomh fada sin uainn. Tarlaíonn sin nuair a shroicheann tú na 50í go nádúrtha ach seans go bhfuil an phaindéim tar éis seo a chur ina luí ar ghlúin níos óige arís.

Is maith iad na léirsithe chun an fhearg a scaoileadh amach agus, den chuid is mó, tá na hagóidí tar éis a bheith síochánta. Gan amhras níor chuir sin stop leis na húdaráis agus a gcuid iarrachtaí an lámh láidir a úsáid – an rud a chonaiceamar i Meirceá agus, go pointe, i Londain, mar a raibh Boris Johnson agus a chomhluadar ar a míle dícheall ag iarraidh cuma fhoréigneach a chur ar na hagóidí de bharr go raibh dealbh nó dhó curtha go grinneall ag na léirsitheoirí. Ní dóigh liom gur gá a bheith ag caoineadh faoi cheantálaithe sclábhaithe Bhriostó nó Londan agus a gcuid dealbha ar bhun na gcuanta.

An rud atá ann go gcaithfear a bheith cúramach go n-úsáidfear an deis seo chun tús a chur le comhrá oscailte faoinár ndearcadh i leith daoine atá éagsúil le chéile. An féidir sin a dhéanamh i ré ina bhfuil freagraí feargacha is gasta na meán sóisialta i réim agus nach féidir linn comhrá a bheith againn ina mbímid oscailte measúil lena chéile gan a bheith buartha go ndéarfaimid rud éigin a tharraingeoidh an drong inár dtreo.

Mothaím go bhfuilimid gur féidir céim chun tosaigh shuntasach don chine daonna a ghlacadh más féidir linn a bheith beagáinín níos tuisceanaí lena chéile. An bhfuil sin indéanta, a Thúrcacha Óga? An féidir linn a bheith níos foighní lena chéile?

Níos mó