Tá tumadóirí tagtha ar chorp fir ar chósta Chorca Dhuibhne, mar a bhfuil cuardach ar bun le trí lá do John Cunningham, fear san caogaidí atá ar iarraidh i nDún Chaoin ó Dé Sathairn.
Tumadóirí de chuid Chub Fo-Uisce Mhala a tháinig ar chorp fir i gCuas a’ Reithe atá faoin Dún Mór i gCom Dhíneol i nDún Chaoin.
Tháinig tumadóirí ar chorp fir i gCuas a’ Reithe tráthnóna, le linn an chuardaigh do John Cunningham, 52bl, atá ar iarraidh ó Chom Dhineoil ó Dé Sathairn. Breis ar @NuachtBnG 6pm pic.twitter.com/q4SNMXIFOH
— Dáithí de Mórdha (@DDeibhinn) June 25, 2020
Bhí Héileacaptar 115 an Gharda Cósta, Bád Tarrthála Dhairbhre agus Garda Cósta an Daingin i mbun an chuardaigh le roinnt laethanta anuas agus cabhair acu ó mhuintir na áite.
Ceapann muintir na háite go bhféadfadh gur ag tarraingt potaí gliomach i gcuas domhain ar an Dún Mór a bhí John Cunningham nuair a chuaigh sé ar iarraidh.
Ba mhinic é ag gliomadadóireacht ar an gcarraig ansin agus bhí an fharraige an-chorraithe ansin ar an Satharn. In olcas a bhí an aimsir ag dul agus meastar gur theastaigh uaidh a chuid potaí gliomach a sheiceáil.
Múinteoir corpoideachais sna caogaidí é John Cunningham atá ar shos gairme ó scoil i gCorcaigh agus is i gCom Dhíneol, mar a bhfuil cónaí air le bliain anuas, a chonacthas go deireanach é ag 12.30 Dé Sathairn seo caite.
Níorbh fhéidir tabhairt faoin gcuardach ar An Dún Mór agus ar na failltreacha ansin go dtí maidin Dé Máirt, de bharr borradh fíochmhar a bheith sa bhfarraige agus maidhmeanna seacht dtroithe ar airde a bheith ann.
Rinneadh cuardach chomh maith ar Shliabh an Iolair mar gheall ar an an-tóir a bhíodh ag John ar an siúl sna cnoic.
Tá corp aimsithe sa chuardach d’fhear atá ar iarraidh i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne.
Tá cuardach ar bun i nDún Chaoin fo John Cunningham(53) le 3 lá anuas.
Tráthnóna, d’aimsigh tumadóirí de chuid an Mallow Sub-Aqua club corp fir i gcuas faoin nDún Mór i gCom Dhíneol. pic.twitter.com/YA3krnXUa5
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) June 25, 2020