Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘tabharfar-tus-aite-don-tearnamh-agus-athbheochan’-–-micheal-martin-tofa-ina-thaoiseach

‘Tabharfar tús áite don téarnamh agus athbheochan’ – Michéal Martin tofa ina Thaoiseach

| Tuairisc.ie | ,

Tá Michéal Martin, ceannaire Fhianna Fáil, tofa ina Thaoiseach, ar lá stairiúil san Ionad Comhdhála ar Dhuga Spencer i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil suí iomlán den Dáil ar siúl chun rialtas nua a bhunú.

I nGaeilge a chuir Micheál Martin tús lena chéad óráid mar Thaoiseach. Deir sé gur chóir do dhuine glacadh le hoifig an Taoisigh “ar choinníoll amháin”, is é sin go nglacfaí leis ar mhaithe le “leas an phobail a dhéanamh”.

Tráth a bhfuil an tír ag iarraidh teacht slán as paindéim domhanda, dúirt sé gur aontaigh sé le Seán Lemass  gur chóir “imní” a bheith ar aon duine a bheadh ag tabhairt faoi chúram an Taoisigh.

93 Teachta Dála a vótáil ar son a ainmniúcháin, Teachtaí Dála Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais agus naonúr Teachtaí Dála neamhspleácha, Michael McNamara, Marian Harkin, Michael Lowry, Noel Grealish, Richard O’Donoghue, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Verona Murphy agus Matt Shanahan.

63 a vótáil ina choinne agus triúr a staon ó vótáil, Mattie McGrath, Denis Naughten agus Carol Nolan.

Dúirt Micheál Martin go dtabharfadh an Rialtas nua tús áite don “téarnamh agus athbheochan”.

“Sin iad na téamaí atá mar bhonn le gach a bhfuil sa chlár rialtais nua atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas…” a dúirt an Taoiseach nua, Micheál Martin.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur pribhléid mhór a bhí ann a bheith tofa ina Thaoiseach.

“A bheith tofa mar Thaoiseach ar phoblacht shaor, sin ceann de na gradaim is mó a d’fhéadfaí a bhronnadh ar aon duine,” ar sé.

Dúirt sé gur tháinig na trí pháirtí a bheidh sa chomhrialtas nua ó thraidisiúin “an-éagsúil”.

“Nílimid ar aon fhocal faoi aon rud agus ní fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh. Mar sin féin, d’éirigh linn bunphrionsabail dhaonlathacha a aontú agus clár [rialtais] cuimsitheach agus cothrom a aontú,” ar sé.

Dúirt sé gur mór na dúshláin a bhí roimh an rialtas nua ach go ndéanfaí an beart orthu.

“Tá sé cruthaithe arís agus arís eile ag ár dtír gur féidir linn na dúshláin is mó a shárú agus déanfaimid arís é,” arsa an Taoiseach nuathofa.

Tá an Teach curtha ar athlá go dtí 6pm le deis a thabhairt do Martin séala a oifige nua a fháil ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin.

Ceapfar airí an rialtais nua tráthnóna.

Tá ceannaire Fhianna Fáil ar an 15ú Taoiseach ar Éirinn.

Tá sé ar dhuine den bheagán daoine in oifig an Taoisigh go bhfuil Gaeilge líofa aige.

Ba í an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ó Chiarraí Norma Foley a d’ainmnigh Micheál Martin d’oifig an Taoisigh.

An Teachta Dála as Gaeltacht Dhún na nGall Pearse Doherty a d’ainmnigh ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, do phost an Taoisigh.

Dúirt ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar go bhfágfadh bunú an chomhrialtais nua idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas go raibh “deireadh le polaitíocht Chogadh na gCarad sa pharlaimint”.

Dúirt Varadkar go raibh a pháirtí ag dul isteach i rialtas don tríú téarma as a chéile, rud nár tharla riamh cheana. Dúirt sé gur deis a bheadh ann cuid de na botúin a rinne Fine Gael a chur ina gceart.

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamonn Ryan go raibh Micheál Martin an-cháilithe le bheith ina Thaoiseach agus gur duine fadradharcach a n-éiríonn leis fanacht socair nuair atá géarchéim ann.

Mhaígh ceannaire an Chomhaontais Ghlais gur duine é Martin a chreideann go láidir sa chóir shóisialta agus go mbíonn sé toilteanach smaointe nua a tharraingt chuige féin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary-Lou McDonald gurb amhlaidh go raibh a páirtí coinnithe amach as na cainteanna bunú rialtais ag Fianna Fáil agus Fine Gael.

Dúirt sí gur vótáil daoine sa toghchán ar son athraithe agus nach raibh aon athrú beartaithe ag an gcomhrialtas nua.

Níos mó