Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-beirt-a-lua-go-laidir-don-phost-mar-urlabhrai-gaeltachta-shinn-fein

Beirt á lua go láidir don phost mar urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin

Tá beirt á lua go láidir leis an bpost mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta ar bhinse tosaigh Shinn Féin – Mairéad Farrell agus Aongus Ó Snodaigh.

Meastar go bhfógróidh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a binse tosaigh inniu.

Beidh tábhacht ar leith ag baint le hurlabhraí Gaeltachta Shinn Féin sa 33ú Dáil agus a laghad sin Teachtaí Dála a bhfuil suim acu i gcás na teanga fágtha sa bhfreasúra chun cás na teanga a throid.

Tá 21 den 35 Teachta Dála a thug le fios do Tuairisc.ie go bhfuil Gaeilge acu i bpáirtithe an chomhrialtais nua, rud a fhágann go mbeidh daoine ar spéis leo a bhfuil i ndán don teanga ag brath go mór ar urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly chun an rialtas nua a chur tríd an muileann.

Is iar-urlabhraí Gaeltachta de chuid Shinn Féin é Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, ach seachas sin is beag Teachta Dála sa bhfreasúra a bhfuil spéis léirithe go leanúnach aige i gcás na teanga.

Ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála sin tá Aongus Ó Snodaigh atá ina urlabhraí Gaeltachta, i measc cúraimí eile, ag Sinn Féin faoi láthair.

Ní údar iontais a bheadh ann dá bhfágfaí an cúram sin ar Ó Snodaigh, ach tá taithí na mblianta aige i réimsí éagsúla agus d’fhéadfadh go bhfágfadh an taithí sin go gcuirfear dualgais nua air.

Sa chás sin, d’fhéadfadh go bhfuil ardú céime i ndán do Mhairéad Farrell, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin i nGaillimh Thiar a toghadh den chéad uair mí Feabhra.

Tá cuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír i ndáilcheantar Farrell ar cainteoir líofa Gaeilge.

Meastar i Sinn Féin gur Teachta Dála óg í Mairéad Farrell a bhfuil gealladh fúithi. Tá roinnt ráiteas láidre déanta cheana aici faoi cheisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ceisteanna a mbaineann a bhformhór go dlúth lena dáilcheantar féin.

Ar na Gaeilgeoirí eile sa pháirtí a d’fhéadfaí a roghnú don phost mar urlabhraí Gaeltachta, tá Donnchadh Ó Laoighre. Meastar jab maith  a bheith á dhéanamh ag Ó Laoighre mar urlabhraí oideachais an pháirtí agus d’fhéadfadh go bhfágfaí an cúram sin air. Tá Gaeilge chomh maith ag Pa Daly as Ciarraí.

Níos mó