![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘eadaoin’-—-an-triu-leabhar-i-sraith-eipici-dhiarmada-johnson-foilsithe](/wp-content/themes/yootheme/cache/29/eadaoin-an-triu-leabhar-i-sraith-eipici-dhiarmada-johnson-foilsithe-298d818e.jpeg)
‘Éadaoin’ — an tríú leabhar i sraith eipicí Dhiarmada Johnson foilsithe
Tá an tríú leabhar ó Dhiarmuid Johnson ina shraith eipicí, Éadaoin: Seacht Snaidhm na Seirce, foilsithe agus beidh sé ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre ón 17 Iúil.
Tá Tochmarc Étaíne, nó Tochmharc Éadaoine, ar cheann de na scéalta is sine agus is saibhre dá bhfuil againn ó fhinscéalaíocht na hÉireann. Tá leagan nua den scéal, i nGaeilge an lae inniu, scríofa ag Diarmuid agus é bunaithe ar na blúiríní den scéal atá le fáil i Leabhar na hUidhre agus i Leabhar Buí Leacan.
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2020/07/E-ADAOIN_Y.jpg)
Tá “na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha” ag Diarmuid sa leagan nua seo a bhfuil an t-ábhar ón dá mhórfhoinse sin fite fuaite ann. Seo an tríú leabhar den chineál seo atá scríofa ag Diarmuid Johnson agus foilsithe ag Leabhar Breac i gCois Fharraige. Foilsíodh Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna in 2017 agus Tuatha Dé Danann in 2018.
Bunaithe ar scéalta eile ón miotaseolaíocht a bhí an dá shaothar eile sin — Togail Bruidne Da Derga agus scéalta éagsúla Thuatha Dé Danann. Chomh maith le saothar Dhiarmada, tá leaganacha nua de sheanscéalta foilsithe ag Darach Ó Scolaí agus Feargal Ó Béarra freisin: Táin Bó Cuailgne agus An Tromdhámh.
“Uaigneas na mban is ábhar don scéal seo. Uaigneas mná a fágadh gan cheachtar den bheirt a bhí luaite léi, céile ná leannán. Agus os de shliocht na mbuan an bhean sin, is buan síoraí an t-uaigneas atá le fulaingt aici. Seanscéal faoi chulaith nua, seantéama comhaimseartha, scéal téagartha tragóideach faoi sheacht snaidhm na seirce,” atá i scéal Éadaoin: Seacht Snaidhm na Seirce, dar le Leabhar Breac.
Is féidir an leabhar a réamhordú anseo.