![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-eagarthoir-nos-faoi-agallamh-ar-‘canbhas-ui-chiaraidh’](/wp-content/themes/yootheme/cache/bb/eagarthoir-nos-faoi-agallamh-ar-canbhas-ui-chiaraidh-bbb743e6.jpeg)
Eagarthóir NÓS faoi agallamh ar ‘Canbhás Uí Chiaraidh’
Ghlac eagarthóir na hirise seo, Maitiú Ó Coimín, páirt i sraith nua atá á heisiúint ar BLOC faoi láthair. Labhair an láithreoir aitheanta, Mícheál Ó Ciaraidh, a d’éirigh as a ról le BLOC an mhí seo caite, le haíonna éagsúla faoina saol don tsraith, atá ar fáil ar ardáin éagsúla BLOC anois.
An tseachtain seo, craoladh an t-agallamh a taifeadadh le Maitiú san earrach, roimh thús na paindéime. Labhair an bheirt fhear faoi ghairm Mhaitiú mar iriseoir agus eagarthóir in earnáil na meán Gaeilge, faoin tréimhse ghairid a chaith sé ina aisteoir ar Ros na Rún, turas Mhaitiú ar Chonair Shéamuis Naofa anuraidh, i measc ábhar eile.
Seo an t-ochtú hagallamh sa tsraith Canbhás Uí Chiaraidh, ina labhraíonn Mícheál Ó Ciaraidh le daoine éagsúla a fhad is bhíonn an láithreoir agus an t-aoi i mbun ealaíne. Go dtí seo, labhair Mícheál le leithéidí Doireann Ní Ghlacáin, an ceoltóir agus láithreoir aitheanta; Petrol Rose, an mainicín; Clisare, an réalta YouTube; agus daoine eile nach iad.
Is féidir breathnú ar an agallamh ar leathanach YouTube BLOC nó éisteacht leis ar a leathanach Spotify.