![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-plur-na-gceoltoiri-ag-feile-lunasa-agus-imeachtai-eile](/wp-content/themes/yootheme/cache/cc/plur-na-gceoltoiri-ag-feile-lunasa-agus-imeachtai-eile-cc34054e.jpeg)
Plúr na gceoltóirí ag Féile Lúnasa agus imeachtaí eile
Irish Cawffee Tawk na Gaeilge, ar líne Dé Luain 03 Lúnasa @ 19.00 EDT – (sin meán oíche GMT)
Join us next Monday for the next episode of Irish Cawffee Tawk with the Irish language as the main subject!
No need to fear if you have nothing but a cúpla focal. This is a chance to learn about the Irish language community in the U.S. https://t.co/xik8mFzxYq pic.twitter.com/AjMUOtU0Ms
— IAWriters&Artists (@IrishAmWA) July 29, 2020
Beidh scríbhneoirí agus ealaíontóirí ar Gael-Mheiriceánaigh iad faoi agallamh ag Frances Mulraney mar chuid d’ócáid ar líne a bheidh ar bun Dé Luain. Cawffee Tawk na Gaeilge atá baiste air, agus is ag labhairt léi faoina dtaithí leis an teanga a bheidh siad agus tionchar na Gaeilge ar a gcuid oibre; mar aon le plé faoi chuid de na saothair is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu.
Pléifidh siad chomh maith conas a bheith páirteach i bpobal na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, beag beann ar do chaighdeán teanga. Is i mBéarla den gcuid is mó a bheidh an ócáid seo ach tabharfaidh sé deis dóibh siúd a bheidh páirteach méid áirithe don teanga a chlos. Seol ríomhphost chuig IASALON@hotmail.com chun teacht ar an nasc ZOOM agus pasfhocal.
Féile Lúnasa, ar líne óna 20:30 anocht ar Facebook agus YouTube Chultúrlann McAdam Ó Fiaich
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2016/12/muireann-1024x625.jpg)
Ná dearúd gur anocht a bheidh Féile Lúnasa ar siúl, ceolchoirm bheo ar líne!
Tá Lúnasa beagnach buailte linn agus mar sin tá sé oiriúnach ómós a léiriú do Lugh agus ár n-oidhreacht, cultúr agus ealaíonta a aithint ar an am céanna. Sin an aidhm atá leis an gcoirm seo, an tríú ceann dá leithéid atá eagraithe ag lucht Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. I measc na n-ealaíontóirí a bheidh le feiscint anocht, beidh Dónal O’Connor, Gráinne Holland, Muireann Nic Amhlaoibh, Gearóid Mac Lochlainn, Edel Ní Churraoin agus scata Éireann eile. Plúr na gceoltóirí, amhránaithe, filí agus ealaíontóirí – má tá fonn ort síntiúis a thabhairt, (a roinnfear go cothrom i measc na n-aíonna), téir chomh fada le paypal.me/culturlann
Aoife Scott agus a banna ceoil, beo ó Iarthar an Chláir, Dé Céadaoin 5 Lúnasa @ 21.00
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2016/02/Aoife-1.png)
Beidh an ceoltóir cumasach Aoife Scott ar leithinis Cheann Léime i gContae an Chláir i rith na seachtaine – agus is féidir leatsa a bheith léi más áil leat sin!
Sea, is lena páirtí ó thaobh an cheoil (agus an ghrá), Andy Meaney (giotár); agus Cathal Ó Curráin (basúcaí agus fidil) a bheidh sí… agus beidh an choirm á sruthú ar-líne. Gealltar go mbeidh aoi-cheoltóir leo ar an oíche chomh maith. Cé a bheidh ann, gheobhaidh tú amach ach ticéad (€10) a cheannach ar an suíomh seo agus a bheith ina dteannta!
John Spillane, Kino, Corcaigh Dé Sathairn 8 Lúnasa @ 19.30 & 21:50
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2017/12/john-spillane-2.jpg)
Ní chreidim go bhfuil tagairt á dhéanamh agam d’ócáid NACH bhfuil ar siúl go fíorúil ar an leathanach seo – an chéad uair le fada! Is ar an láthair i Kino, ar Shráid Washington, Corcaigh, a bheidh bard an Chontae, John Spillane, seachtain ó amárach.
Tá dhá sheisiún beartaithe aige, bunaithe ar stíl Cabaret – beidh na boird agus suíocháin scaipthe amach óna chéile, agus scaoilfear le díreach 40 duine isteach/in aghaidh an seó. Cloífear go docht leis na srianta atá leagtha síos ag na húdaráis nuair a thagann sé chuig an víreas Covid-19. Cuirfear tús leis an gcéad sheisiún @ 19:30 agus is ag 21:50 a thosóidh an dara seisiún. Seal leis an Spealaire! Ticéid ar díol anois.