Rinne breis is 30 páiste a gCéad Chomaoineach i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara Dé Sathairn seo caite. Agus treoirlínte Covid-19 i bhfeidhm go docht sa séipéal, ba léir gur mhór an sásamh agus an misneach do gach éinne go rabhthas ábalta an searmanas a reáchtáil agus lá mór a bheith ag na páistí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Cailíní a rinne a gcéad Chomaoineach i Séipéal Mhic Dara,ar an gCeathrú Rua. Ó chlé: Orla Nic Dhonnacha, Sadhbh Ní Dhubháin, Ríona Ní Choisdealbha, Aoife Ní Dhomhnaill, Nina Jackman agus Róise Ní Chonghaile
Páistí na Ceathrún Rua a rinne a gCéad Chomaoineach ar an gCeathrú Rua maidin Dé Sathairn. In éindigh leo tá an sagart paróiste, an tAthair Hughie Loftus, agus Mairtín Breathnach, múinteoir i Scoil Náisiunta Mhic Dara.
Páistí na Ceathrún Rua a rinne a gCéad Chomaoineach tráthnóna Dé Sathairn. In éindigh leo tá an tAthair Hughie Loftus, agus an múinteoir, Mairtín Breathnach
Conaill Ó Sé ag ceiliúradh a chéad Chomaoineach lena mhuintir, Micí Óg, ar chlé, a thuismitheoirí Edward agus Lorraine, agus Eoin
Pearse Ó Ceallaigh lena athair agus a mháthair, Pat agus Rosalie
Caoimhe Seoige lena máthair Barbara, a deirfiúr Angel agus a hathair Micheál
Sadhbh Ní Dhubháin lena hathair agus a máthair, Gearóid agus Fionnuala
Orla Nic Dhonnacha lena muintir, ó chlé: Pádraic, Marian, Bobby agus Gearóid
Nina Jackman lena muintir, a deirfiúracha, Ruth agus Sarah, a hathair Jason, a máthair Patricia agus a Daideo, Nicholas Jackman
Na cailíní ag ceiliúradh! Nina Jackman lena deirfiúracha agus a col ceathracha. Ar chúl ó chlé: Ella Sisson, Agatha Mitchell agus a deirfiúr, Sarah. Chun tosaigh: Meadhbh Mitchell, Libby Sisson agus a deirfiúr Ruth
Chun tosaigh: Seán Ó Dubháin, ar chlé, agus Cúnla Ó Domhnaill lena dtuismitheoirí, Clare-Anne agus Pádraig Ó Dubháin. agus Áine agus Peter Ó Domhnaill
Oisín Ó Conghaile lena mhuintir. Ó chlé: Liam i ngabháil a athar, Páraic, a dheartháir Emmet, Catherine Uí Fhlaithearta, Mary Ann Uí Chonghaile, a mháthair Síofra Uí Chonghaile, agus a dheartháir Cormac
Darren Ó Flatharta lena athair agus a mháthair, Mairéad agus Joseph
Róise Ní Chonghaile lena hathair agus a máthair, Síofra agus Mairtín
Sadhbh Ní Dhubháin lena deirfiúracha, Hannah, Aoife, agus Siún, agus a tuismitheoirí, Páidí agus Fiona
Peadar Ó Máille lena thuismitheoirí, Pat agus Ita