Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-athair-agus-a-bheirt-phaisti-tar-eis-bhais-i-dtimpiste-bhothair-i-ndun-na-ngall 

Athair agus a bheirt pháistí tar éis bháis i dtimpiste bhóthair i nDún na nGall 

| Tuairisc.ie |

Tá fear agus a bheirt pháistí as Bun an Phobail tar éis bháis i dtimpiste bhóthair a tharla in Inis Eoghain i ndiaidh a deich a chlog aréir. D’imigh an carr ina raibh siad ag taisteal den bhóthar ag Rinn Uí Choigligh i gcontae Dhún na nGall agus an teaghlach ag filleadh tar éis an lá a chaitheamh i nDoire.

I ráiteas ó na Gardaí dúradh go raibh an carr ag taisteal as Magh nuair a sciorr sé trasna an bhóthair agus isteach le bruach i Loch Feabhail.

Maraíodh an tiománaí, John Mullan, a bhí 49 bliain d’aois agus a bheirt leanaí, Thomas a bhí 14 agus Amelia a bhí sé bliana d’aois. D’éirigh lena máthair Geraldine Mullan, 45 bliain d’aois a bhí ina suí sa suíochán tosaigh a bealach a dhéanamh amach as an gcarr agus fios a chur ar chúnamh. Tugadh chun an ospidéil i Leitir Ceanainn í agus ní cheaptar go bhfuil a beatha i mbaol.

Tá coirp an athar agus an bheirt pháistí a maraíodh tugtha go dtí ospidéal Leitir Ceanainn le scrúdú iarbháis a chur orthu.

Dúirt an Ceannfort Garda Eugene McGovern atá ar dualgas i stáisiún Bhun Cranncha agus a bhí ag láthair na timpiste aréir go raibh an aimsir go dona agus an oíche “gaofar agus fliuch”. Dúirt sé gur cuireadh “dromchla nua” ar an stráice sin bóthair le déanaí agus go mbeadh sin ina chuid den fhiosrúchán.

Tá na Gardaí ag lorg cúnamh ón bpobal lena bhfiosrúchán agus tá iarrtha acu ar aon duine a chonaic carr dubh an teaghlaigh, Mitsubishi, cláruimhir 11 DL 1566, sa gceantar thart ar an am sin aréir dul i dteagmháil leo nó aon duine a bhí ar an mbóthar as Magh go Rinn Uí Choigligh aréir, go háirithe aon duine a raibh ceamara ar an deais acu.

Tá an R238 idir Magh agus Rinn Uí Choigligh dúnta agus tá an trácht á cur ar mhalairt slí.

Níos mó