Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-daltai-a-gcoinneail-sa-mbaile-mar-‘agoid-teanga’-san-ion-mhongoil

Daltaí á gcoinneáil sa mbaile mar ‘agóid teanga’ san Ion-Mhongóil

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Choinnigh tuismitheoirí san Ion-Mhongóil a gcuid gasúr sa mbaile an tseachtain seo mar agóid in aghaidh polasaí nua teanga atá tagtha i bhfeidhm sa gceantar. Cuireadh tús leis an téarma nua scoile inné, ach is sa Mandairínis a bheidh na ranganna á dteagasc an téarma seo agus ní sa Mongóilis mar a theagascaítí roimhe seo. 

Tá an Ion-Mhongóil ina cuid den tSín, ó thaobh na polaitíochta de, ainneoin gur Mongólaigh arb í an Mhongóilis a dteanga dhúchais iad formhór na ndaoine atá ina gcónaí ann. De réir an pholasaí nua oideachais a thug rialtas 北京市 (Béising), múinfear an pholaitíocht, an stair agus an litríocht sa Mandairínis. Áirítear na hábhair scoile sin mar ‘croí-ábhair’ churaclam na Síne. 

Chruinnigh idir dhaltaí agus thuismitheoirí ina sluaite taobh amuigh de scoileanna an tseachtain seo lena míshásamh i leith an pholasaí nua a léiriú — rud atá as an ngnách sa gceantar. Glacann go leor Mongólach sa gceantar leis an athrú polasaí mar bhagairt ar a dteanga agus a gcultúr. 

“Is í an Mhongóilis an teanga s’againne, agus is í an Mhongóil ár dtír dhúchais! Is í an Mhongóilis ár máthairtheanga, agus gheobhaidh muid bás ar a son!” a bhéic na daltaí scoile ag ceann de na hagóidí. 

Thuairiscigh Ionad Eolais Chearta Daonna na Mongóile Theas, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, nár chuala na tuismitheoirí faoin athrú polasaí go dtí go raibh an bád i mbéal chuain agus na daltaí ar tí filleadh ar na scoileanna. 

Dúradh sa tuairisc sin go raibh teannas ann ag scoil chónaithe sa gceantar nuair a a tháinig tuismitheoirí ina gcéadta chuig geataí na scoile ag éileamh go scaoilfí amach a ngasúir.

“Phlódaigh na póilíní círéibe an áit, agus chuir cosc ar na tuismitheoirí dul isteach i suanleasa na scoile. Tar éis uaireanta an chloig den tsáinn, d’éirigh leis na tuismitheoirí baracáid na bpóilíní a bhriseadh agus bhailigh siad a ngasúir,” a dúradh sa ráiteas. 

Tá an chaint ar fad a rinneadh ar an gceist ar an suíomh Weibo, macasamhail Twitter sa tSín, bainte anuas ag rialtas na Síne anois, ach tá gasúir fós á gcoinneáil sa mbaile ag roinnt mhaith tuismitheoirí. 

Tá cuairt tugtha ag múinteoirí scoile ar chuid de na tuismitheoirí seo, ach deir na tuismitheoirí go bhfuil faitíos orthu go mbeidh droch-thionchar ag an teanga theagaisc ar a bhfuil i ndán don Mhongóilis. 

D’fhógair an rialtas áitiúil, atá faoi cheannas Bhéising, ráiteas Dé hAoine seo caite inar maíodh go bhfuil sé tábhachtach an “teanga náisiúnta” [an Mhandairínis] a láidriú i “gceantair eitneacha”. 

Dúirt cathaoirleach Páirtí Pobail na Ion-Mhongóile, Шовчууд Тэмцэлт (Temtsiltu Shobtsood), áfach, go bhfuil rialtas na Síne ag iarraidh “an Mhongóilis a chur faoi chois” agus gur “díothú cultúir” atá ar bun acu. 

Níos mó