Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Polarú na polaitíochta agus a thionchar

| 1 | ,

Seaghan Mac an tSionnaigh

Tá an saol ina chadás. Tá mo sháith agam féin de pholarú na polaitíochta, caithfead a rá, agus mar atá an feiniméan san ag cur isteach ar chaidrimh idirphearsanta. Is ea, tá taithí ag mórán gach uile dhuine againn go léir arábhar an ailt seo, déarfainn, .i., an chuma a dtiteann an tóin as an gcairdeas de dheasca cumarsáid idirlín. Is ea, easontas idir beirt i dtaobh a dtuairimí maidir le tuairim an tríú duine eile i taca le tuairim eile arís. Ní lia duine ná tuairim a deirtear, ach an ionann é sin agus a rá gur chóir go mba ann don rud a bhfuil lucht na heite deise ag tabhairt ‘an tsaoirse cainte’ air? 

Is léir ná creideann an eite dheas féin i gceart sa tsaoirse cainte thuasluaite, pé acu olc ná maith leat féin é mar choincheap. Gnéithe den eite dheas ó laistigh de mo theaghlach féin, cuirim i gcás, bíonn siad go seasta ag scaipeadh shoiscéal na saoirse cainte, ach iad ag tabhairt fogha go fíochmhar sna DManna ansan fúmsa agus an tacaíocht a léirím le feachtasaíocht ar son cearta daoine ina cnámh spairne acu liom. Is ea, a dhuine, ní mó ná sásta a bhí a lán Éireann daoine go léireofaí aon dlúthpháirtíocht le daoine gorma sa tírín beag bídeach s’againne le déanaí. An dream céanna is túisce a d’éileodh cead cainte do chách; is iad is túisce a rachadh ag cáineadh an chealchultúir, mar a déarfá.

Tréaslaím le beirt bhan ar dhá thaobh den aigéan arbh iad a gcuid focal cumhachtach a tharraing aird na meán sóisialta orthu féin le coicís anuas. Ba í an teachtaireacht a chraobhscaoil Mary Devlin ó New Jersey ar TikTok ná nach fíor-Ghael-Mheiriceánach in aon chor an té nach dtuigfeadh cás na mbundúchasach ná nach dtacódh le feachtas #BLM. An chéad rud eile, bhí an scéal á phlé ar RTÉ. Ba mhór an scanradh nach mar gheall ar an bhfuathchaint a dhéanann leithéidí an Trumpaire, Bhoris Mhic Eoin ná an Dochartaigh Bhinbigh a taibhsíodh d’éisteoirí Liveline teagmháil a dhéanamh leis an gclár, ach chun a míshástacht le ráiteas Mary a chur in iúl go paiseanta. Ní fimíneacht go dtí é! 

Ar Facebook, chuaigh Maria Sara Hershkowitz céim níos faide agus Naitsígh á dtabhairt go neamhbhalbh aici ar dhíograiseoirí ióga a sheas gan náire taobh le fíor-Naitsígh i rith a léirsithe i mBeirlín i gcoinne shrianta Covid-19 a cheanglaíonn ar dhaoine masc a chaitheamh go poiblí sa Ghearmáin. Is fiú go mór sracfhéachaint a thabhairt ar an díospóireacht theasaí a d’éirigh idir lucht tráchtaireachta na postála a d’fhoilsigh Maria an tseachtain seo a d’imigh tharainn. Daoine áirithe ag áiteamh ná fuil fadhb dá laghad le rannpháirtíocht a léiriú le Naitsígh a fhad is go mbeadh cúis mhaith acu lena leithéid, cuid díobh a bheadh chomh gníomhach céanna ó thaobh a bheith ag cur i gcoinne rannpháirtíocht a dhéanamh le BLM, imbriathar, chuirfeadh sé leagmhisneach ort.  

Ba ola ar mo chroí-se a bhí sa nuacht a d’fhoghlaimíos ó m’fhotha nuachta Twitter taca an lae seo ceithre mhí ó shin gur caitheadh dealbh Edward Colston isteach i gCuan Bhriostó, agus beidh mé ag faire le fonn amach dó mar a thiocfaidh éabhlóid ar choincheap an chiona chnuasaithigh sna hidirchainteanna tá súil agam a bhainfear amach mar thoradh ar an bhfeachtas #BLM.

Ach ní féidir gach aon duine a shásamh. Má tá olc curtha ar mo mhuintir féin agam de bharr mo thuairimí cléacha, tá buíonta ó laistigh de mo lucht aitheantais ansan, ní miste liom a rá, agus do chuadar chun na dúmhála agus an fheoil fhuar á gearradh acu de dheasca na himní a léiríos-sa mar chuid de chomhrá WhatsApp i dtaobh shábháilteacht phearsanta na ndreamanna a raibh a gcearta á n-éileamh againn – an mbeadh aisfhreagra foréigeanach, arsa mise, ina thoradh gránna ar dhealbha na ndaormháistrí a tharraingt anuas nó ar stádas institiúideach don chion cnuasaitheach a bhaint amach? 

Gach seans go mbeadh, ach ní hionann m’imní sa mhéid sin agus bonn a bheith á bhaint agam d’aon ghnó de chur chuige na ngníomhaithe. Is é dogma na heite clé áfach atá ag cur srian ar an ngluaiseacht chéanna im thuairimse – an leabhar neamhcheart á léamh agat nó an téarma míchuí ar bharra do ghiob agat, agus tá deireadh leat chomh fada agus a bhaineann sé leothusan.

Go n-éirí go geal leis an radacachas, a deirim, ach ná deintear drochbhuachaill den measarthacht idir an dá linn. Agus ní ceart leanúint de chomhrá ina gcaitear maslaí nó bagairtí id threo, ach fainic ach an oiread nach “both macallaí” a chruthaíonn tú dhuit féin. Bímis ag caint lena chéile, agus b’fhéidir go ndéanfaimíst an beart.

Níos mó