Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-leas-bainte-as-an-dianghlasail-ag-seo-linn-agus-albam-nua-ar-na-bacain

Leas bainte as an dianghlasáil ag Seo Linn agus albam nua ar na bacáin

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá leas bainte ag an mbanna ceoil Seo Linn as an tréimhse dheacair dianghlasála agus tús curtha leis an dara halbam. Dúirt an giotáraí Keith Ó Briain le NÓS go raibh an phaindéim an-deacair ar bhaill an bhanna le cúpla mí anuas ach gur aimsigh siad an sólás in aice an dóláis lena linn. 

“Ó thaobh an cheoil de, bhí an dianghlasáil deacair go maith. Bhí camchuairt trí seachtaine le déanamh againn i Meiriceá i rith an tsamhraidh agus cuireadh ar ceal é sin. Bhí muid le bheith san Iodáil, in Albain, agus i Sasana chomh maith, ach cuireadh gach rud ar ceal. Ní raibh sé go deas ar chor ar bith. Bíonn sé sin deacair ar bhanna ceoil mar is minic a chaitear go leor airgid ar an ullmhúchán do na gigeanna seo, ach uaireanta ní féidir an t-airgead sin a chúiteamh,” a dúirt sé. 

Ainneoin na ndeacrachtaí sin go léir, thapaigh an banna an deis díriú isteach ar an scríobh agus an taifeadadh le linn mhíonna crua na dianghlasála.

“Bhí muid ag déanamh i bhfad níos mó taifeadta mar gheall ar an gcoróinvíreas. Chuir muid le chéile cúpla rud nach mbeadh muid ag obair orthu murach an phaindéim. Sílim go mbíonn rudaí dearfacha le baint amach as cruacháis i gcónaí, agus ó thaobh an cheoil de agus an léiriúcháin go mór mór, tá go leor rudaí maithe bainte amach ag Seo Linn le cúpla mí anuas.

“Beidh muid ag obair go dian ar an albam nua amach anseo, an dara halbam. Níl teideal air go fóill, ach tá muid ag súil go mbeidh sé críochnaithe an bhliain seo chugainn, agus beidh go leor ceol speisialta ann. Tá ceol ann a bhfuil muide an-tógtha leis, agus tá muid ar bís faoin treo ina bhfuil muid ag dul faoi láthair. Tá mé cinnte go mbeidh ár lucht leanúna sásta leis an albam nuair a bheidh sé réidh,” a dúirt Keith. 

Idir an dá linn, tá físeán nua eisithe ag Seo Linn dá n-amhrán ‘Bloicíní’, amhrán a scríobhadh nuair a chonaic boscadóir an bhanna, Kevin Shortall, a nia ag spraoi le bloicíní beaga plaisteacha. 

“Bhí Kev ag breathnú ar a nia, a bhí ag súgradh ar an talamh le bloicíní plaisteacha. Bhí sé ag triail rud éigin a thógáil, ach gach uair a d’éirigh an rud ar, shleamhnaigh na bloicíní agus thit an rud ar fad anuas. Ach níor chuir sé isteach air ar chor ar bith. Gach aon uair a thit na bloicíní, thosaigh sé arís. 

“An meafar a bhí sa scéal sin dúinne ná nuair a éiríonn muid níos sine, tá sé éasca, nuair nach n-oibríonn rudaí amach, tá sé éasca ligean dó cur isteach ort agus cailleann daoine atá níos sinse an féinmhuinín. Ní bhíonn an fhadhb sin ag páistí, tá teacht aniar iontu mar tá siad chomh hóg sin, agus sin an meafar agus an teachtaireacht atá le Bloicíní – nuair a thiteann do bhloicíní, ná bí buartha, tosaigh ag tógáil arís,” a mhínigh Keith. 

Rinneadh an físeán a eisíodh an tseachtain seo as giotaí físe a taifeadadh ag ceann de na gigeanna is mó riamh a bhí ag Seo Linn. Chas siad os comhair 1,000 duine in amharclann Vicar Street i mBaile Átha Cliath in 2017, agus tá ábhar físe ón oíche sin — “an oíche ab fhearr a bhí ag an mbanna” dar le Keith — le feiceáil sa bhfíseán nua ceoil. 

Níos mó