Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fiosru-ar-bun-ag-ceantalaithe-faoi-litir-ghaeilge-a-dioladh-ar-bhreis-is-e5,000

Fiosrú ar bun ag ceantálaithe faoi litir Ghaeilge a díoladh ar bhreis is €5,000

| Meabh Ni Thuathalain | ,

Tá fiosrú ar bun ag ceantálaithe i mBaile Átha Cliath de thoradh iniúchadh a rinne Tuairisc.ie faoi litir Ghaeilge a díoladh ar ceant le déanaí ar bhreis is €5,000.

Léiríonn an t-iniúchadh a rinne Tuairisc.ie faoi chás na litreach de chuid Phádraig Mhic Phiarais go bhfuil i bhfad níos mó ná cóip amháin di ann.

I mí Lúnasa dhíol an comhlacht ceantálaithe Adam’s as Baile Átha Cliath litir lámhscríofa Ghaeilge de chuid Phádraig Mhic Phiarais ar €5,500, agus ba léir gur síleadh gur bunchóip a bhí inti.

Dúradh agus an litir á díol gur chuig an seanchaí as Maigh Eo, Micheál Mac Ruaidhrí, a sheol an Piarsach í, ach dheimhnigh Tuairisc.ie ina dhiaidh sin nach raibh an t-eolas sin cruinn.

Ba chuig Colm Ó Gaora, údar agus poblachtánach as Ros Muc i gConamara, a seoladh an litir.

Nuair a lean Tuairisc.ie den iniúchadh fuarthas amach go raibh roinnt cóipeanna eile den litir ar fáil agus go raibh ceann i seilbh Mhúsaem Poiblí Chorcaí agus ceann eile ag Músaem an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Coimeádaí Mhúsaem an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath le Tuairisc.ie go raibh an chóip chéanna den litir ina seilbh acu féin agus go raibh cóipeanna eile den litir feicthe aige chomh maith roimhe seo.

Dheimhnigh Coimeádaí Mhúsaem Phoiblí Chorcaí, Daniel Breen, go raibh cóip den litir sa mhúsaem agus í “ar chaighdeán níos airde ná an chóip a díoladh ar ceant”.

Rinne Breen anailís ar an dá litir, an ceann a bhí aige féin agus an ceann a díoladh ar ceant, agus tá sé den tuairim gur cóip atá sa dá litir.

“Léiríonn an pheannaireacht, an cineál scríbhneoireachta agus cuma na línte ar an litir gur cóipeanna atá sa dá litir.

“Ní fheicim aon difear ar chor ar bith idir an dá litir, seachas go bhfuil an leagan atá againne ar chaighdeán i bhfad níos airde ná an ceann a díoladh ar ceant. Is é an tuairim atá agam ná gur cóipeanna iad de litir lámhscríofa de chuid an Phiarsaigh.”

Dheimhnigh an Coimeádaí i Músaem an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, Brian Crowley, do Tuairisc.ie go raibh cóip acusan den litir chomh maith.

Dúirt Crowley gur chreid sé féin gurbh í bunchóip na litreach a bhí ina seilbh acu go dtí go ndearna sé taighde faoin scéal.

Dúirt sé go bhfaca sé cóip eile den litir chomh maith agus go raibh na cóipeanna “an-chosúil leis an mbunchóip”. Síleann Brian Cowley gur amach as cóipeanna de leabhar Choilm Uí Ghaora Mise a tháinig na cóipeanna den litir.

Bhí cóip de litir an Phiarsaigh sa chéad eagrán de Mise.

“Thug duine den phobal cóip eile dom blianta fada ina dhiaidh sin. Cóipeanna an-mhaith iad. Léiriú atá sa scéal seo ar an ardchaighdeán a bhí ag baint leis an gcóip a bhí i leabhar Uí Ghaora,” a dúirt Brian Crowley.

An litir a bhí sa leabhar ‘Mise’ le Colm Ó Gaora ar chlé agus, ar dheis, an chóip a díoladh ar ceant 

Nuair a rinne Adam’s scagadh ar thorthaí iniúchadh Tuairisc.ie, dúirt siad go raibh sé i gceist acu an scéal a fhiosrú. Tá súil acu scagadh a dhéanamh ar an litir féin sna seachtainí seo romhainn.

Admháil atá i litir an Phiarsaigh go raibh scéal de chuid Choilm Uí Ghaora ‘Scolb Glas Mac Rí in Éirinn’, faighte aige agus go gcuirfí i gcló é i An Claidheamh Soluis “chomh luath agus a bheas áit agam dó”.

Meastar gurb é an t-údar agus scoláire Seámus Ó Buachalla, is túisce a thuig scéal na gcóipeanna de litir Uí Ghaora.

I bhfonótaí a leabhair The Letters of P.H.Pearse, tá tagairt ag Ó Buachalla do “holograph copy” den litir a foilsíodh sa chéad eagrán de Mise.

“Ó Gaora related the incident in his autobiography “Mise“, in the first edition of which he published a holograph copy of this letter. The multiple copies of the letter and their dispersal over time were responsible for confusion as to the identity of the recipient,” a scríobhtar sa leabhar sin.

Níos mó