Tá iarrtha ag Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee ar an Rialtas a chinntiú go gcuirfear eolas tábhachtach faoin bpaindéim amach ag an am céanna sa Ghaeilge agus sa Bhéarla feasta.
“Níl aon leithscéal ann dearmad a dhéanamh ar ár gcearta teanga,” a dúirt an Seanadóir.
Dhein an Seanadóir a hachainí ar a páirtí féin agus páirtithe eile an Rialtais tráth a bhfuiltear fós ag fanacht ar eolas i nGaeilge faoi na srianta is déanaí a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an Covid-19.
I mBéarla amháin atá an t-eolas ar shuíomh idirlín an Rialtais, gov.ie, faoi na srianta nua a tugadh isteach ag meán oíche Dé Céadaoin seo caite. Má lorgaíonn tú an leagan Gaeilge den leathanach ar a gcuirtear an t-eolas ar fáil, deirtear leat go bhfuil “Éire anois i gCéim 3 den Treochlár chun an tSochaí agus an Gnó a Athoscailt”. Deirtear gurb í “teachtaireacht” an Rialtias ná ‘Fan Sábháilte’ agus moltar duit “do bhreithiúnas féin a úsáid agus freagracht phearsanta a ghlacadh as tú féin, do chairde agus do theaghlach a chosaint”.
Táim ag iarraidh ar an rialtas a chinntiú go gcuirtear gach faisnéis thábhachtach sláinte amach anseo ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla. Níl aon leithscéal ann dearmad a dhéanamh ar ár gcearta teanga#ceartateanga pic.twitter.com/gMdpWZPbYx
— Senator Lorraine Clifford-Lee (@LorrCliff) October 22, 2020
Mar atá léirithe ag tuairiscí éagsúla ar an suíomh seo le sé mhí anuas, tá eolas tábhachtach poiblí faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí á fhoilsiú i mBéarla amháin ó thús na paindéime.
Tá leithscéalta éagsúla tugtha ag na húdaráis sláinte as gan eolas a chur amach i nGaeilge nó gan eolas a chur amach i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna.
Chinn an HSE, mar shampla, gan fógraí faoin bpaindéim a chraoladh i nGaeilge toisc dar leo go bhfuil an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla agus go mbeadh na fógraí 35% níos costasaí dá bharr.
Léirigh figiúirí eile a chuir an HSE ar fáil nár caitheadh ach €21,333 den bheagnach €1.39 milliún a íocadh ar fhógraí raidió agus teilifíse ar fhógraí Gaeilge.
Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte le Tuairisc.ie cheana go mbíonn ábhar á fhoilsiú ar líne i mBéarla acu sula mbíonn an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil “de bharr a riachtanaí a bhí sé go gcuirfí eolas tábhachtach faoin tsláinte phoiblí ar fáil don phobal go gasta”.
Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach bhféadfaí “glacadh” le leithscéalta dá leithéid. Dá nglacfaí lena leithéid chiallódh sé nár ghá aon rud a bhain le hábhar práinneach a chur amach i nGaeilge, a dúirt an Coimisinéir Teanga. Dúirt Ó Domhnaill gur chruthaigh an phaindéim nach raibh na córais chearta i bhfeidhm sa státchóras chun eolas a chur ar fáil i nGaeilge go pras.
Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee ag an gcruinniú céanna gur léirigh teip na n-údarás sláinte ó thaobh na Gaeilge le linn na paindéime “drochmheas” ar an teanga.