Tá an chéad duais i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge buaite ag Tadhg Mac Dhonnagáin dá shaothar Madame Lazare.
Mícheál Ó Laoghaire as Corcaigh a fuair an dara duais dá scéinséir Cuairt an Uachtaráin.
Bhuaigh Pádraig Mac Fhearghusa an phríomhdhuais filíochta dá chnuasach dánta, Oilithreacht na gCríoch Déanach.
I measc na mbuaiteoirí eile i gcomórtas liteartha an Oireachtais a fógraíodh ar líne inniu bhí Feargal Ó Béarra, a bhuaigh an chéad duais do shaothar próis do Buile, Alan Titley, a bhuaigh an chéad duais i rannóg na gearrscéalaíochta do Amritsar, agus Catherine Foley, a thug léi an chéad duais do shaothar d’fhoghlaimeoirí fásta lena cnuasach gearrscéalta Scéalta Grá.
Bronnadh an chéad duais do shaothar ficsin do léitheoirí óga (9-12) ar Pháid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin agus is é Richie Conroy a bhuaigh an chéad duais d’fhicsean do dhéagóirí.
Thréaslaigh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, a mbua leis na scríbhneoirí ar fad.
“Déanaim comhghairdeas leis na scríbhneoirí ar fad a bhain duais amach i mbliana.
“Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na comórtais liteartha agus muid ag iarraidh freastal ar an ngréasán scríbhneoirí ar fud an domhain agus litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn chomh maith le scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn,” a dúirt sé.
Fógraíodh Buaiteoirí na gComórtas Liteartha mar chuid de cheiliúradh Oireachtas na Samhna 2020 ar líne.
Seo thíos liosta na mbuaiteoirí ar fad a fógraíodh.
Comórtais Liteartha do Dhaoine Fásta
COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL – FICSEAN GINEARÁLTA
An Chéad Duais: €3,000
Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin, Baile an Domhnalláin, Co. na Gaillimhe
An Dara Duais: €1,000
Cuairt an Uachtaráin le Mícheál Ó Laoghaire, An Tóchar, Co. Chorcaí
COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)
An Chéad Duais: €2,000
A+ le Bróna Ní Uallacháin & Páid Ó Neachtain, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
An Dara Duais: €750
Scéilíní Scanrúla le Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (Aoisghrúpa: 13-15 )
An Chéad Duais: €2,000
Dialann Emily Porter: Thíos seal, thuas seal le Richie Conroy, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara
An Dara Duais: €750
Deargadh Anoir le hIarla Mac Aodha Bhuí, Maidrid, An Spáinn
COMÓRTAS A4: SAOTHAR PRÓIS
Maoinithe ag Iontaobhas ULTACH
Duais: €1,250
Buile le Feargal Ó Béarra, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS A5: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA
An Chéad Duais: €2,000
Scéalta Grá, bailiúchán gearrscéalta le Catherine Foley, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
An Dara Duais: €750
Cúl na Cruaiche le Seoirse Ó Dochartaigh, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall
COMÓRTAS A6: CUR CHUN CINN NA GAEILGE
Maoinithe ag Conradh na Gaeilge
Duais: €1,000
Oscail an doras agus tiocfaidh siad le Catherine Foley, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
COMÓRTAS A7: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
An Chéad Duais: €400
Amritsar le hAlan Titley, Glasnaíon, Baile Átha Cliath
An Dara Duais: €200
Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
COMÓRTAS A8: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ
Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael
Duais: €500
An Cailín ón Eastát le hÉamonn O’Loingsigh, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS A9: Dán
Maoinithe ag Éigse Éireann
Duais: €400
Filleann Fianna le Róisín Sheehy, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge
COMÓRTAS A10: CNUASACH FILÍOCHTA
Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta (Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus Contaetha Chorcaí, an Chláir, Luimnigh, Phort Láirge, Thiobraid Árann Thuaidh agus Theas, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall; agus Chathracha Chorcaí, Phort Láirge, Luimnigh agus na Gaillimhe.)
Duais: €1,250
Oilithreacht na gCríoch Déanach le Pádraig Mac Fhearghusa, Trá Lí, Co. Chiarraí
COMÓRTAS A11: AISTE INNEALTÓIREACHTA
Maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí
Duais: €1,000
Nascanna le Helen Ó Murchú, Cill Fhionntain, Baile Átha Cliath
COMÓRTAS A12: DRÁMA AONGHNÍMH
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
Duais: €600
An Bhean a Saolaíodh ar Charraig le Róisín Sheehy, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge
[infobox]COMÓRTAS A13: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta
Duaischiste: €1,200
ROINN A
Duais: €400
An Tornapa Mór le hÁine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath
ROINN B
Duais: €400
An Faolchú Mór, Feoiliteach, Fuilteach, Fíochmhar le Brian Ó Gibne, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
ROINN C
Duais: €400
Cúig Eala Áille le Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
COMÓRTAS A14: SAOTHAR CREIDIMH / ÁBHAR MARANA
Maoinithe ag Timire – Foilseacháin Ábhair Spioradálta
Duais: €750
Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath[/infobox]
COMÓRTAS A15: AISTE FEALSÚNACHTA
Maoinithe ag Timire – Foilseacháin Ábhair Spioradálta
Duais: €500
An Tost gan Insint le hAlan Titley, Glasnaíon, Baile Átha Cliath[/infobox]
Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Óig
COMÓRTAS B2: AISTE – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael
An Chéad Duais: €300
An t-Uasal Seosamh Ó Ceallaigh le Conor Ó Gallachóir, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall
An Dara Duais: €200
Máire Ní Chinnéide le Seán de Grá, An Chéim, Co. Bhaile Átha Cliath
COMÓRTAS B3: IRISEOIREACHT – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Comhar Óg
An Chéad Duais: €200
Léirmheas ar leabhar – Samson le Sibéal Ní Shéaghdha, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
An Dara Duais: €100
Na díoltóirí sráide le Shonagh Ní Thuathail Peelo, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath
COMÓRTAS B4: IRISEOIREACHT – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Gaeltacht UCD, Ionad Domhanda don Teanga agus don Chultúr
An Chéad Duais: €200
Covid-19 agus an Ghaeltacht le Conor Ó Gallachóir, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall
An Dara Duais: €100
Ardteist Chovid (ní hé An Gnáthrud) le Siobhán Ní Neachtain, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS B5: SCÉAL – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Cara leis an Oireachtas
An Chéad Duais: €200
Iúpatar le Fionnán Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath
An Dara Duais: €100
Saibhir Daibhir le Manus Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath
COMÓRTAS B6: SCÉAL – ROINN B (FAOI 21)
An Chéad Duais: €200
Gearr go mbeidh sé ina Shamhradh le hAifric Ní Scolaí, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
An Dara Duais: €100
Na Daoine Maithe le Cillian Ó Baoill, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo
COMÓRTAS B7: DÁN – ROINN A (FAOI 16)
An Chéad Duais: €200
Gearradh na gCrann le hAmhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin, Mainistir Fhearmaí,
Co. Chorcaí
An Dara Duais: €100
Ar an bhFarraige le Sibéal Ní Shéaghdha, Baile an Fheirtéaraigh,
Co. Chiarraí
COMÓRTAS B8: DÁN – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
An Chéad Duais: €300
Dúchas le Brian Mac Donncha, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
An Dara Duais: €200
Sa Choill le Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, Barry’s Boreen, Co. Chorcaí