![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F11%2FGaeloid-10-samhain.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=66597072)
10.11.2020 – Gaeilge na Sraithe Sóisearaí
10.11.2020 – Gaeilge na Sraithe Sóisearaí
@ Zoom
Online Lecture / TalkCláraigh ag an nasc seo gaeloideachas.ie/register/ seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.
Teideal: Acmhainní praiticiúla agus spreagúla le Gaeilge na Sraithe Sóisearaí a mhúineadh san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta
Dírithe ar: Muinteoirí iar-bhunscoile T1
Am agus áit: 10 Samhain 2020, 19.00, Zoom
Aoichainteoirí: Breandán Mac Gearailt agus Emer Davitt, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Beidh an seisiún seo bunaithe ar acmhainní digiteacha do mhúineadh/fhoghlaim na Gaeilge agus conas an úsáid is éifeachtaí a bhaint astu. Díreofar ar chomhthéacs agus ar Shonraíocht Ghaeilge na scoileanna T1 (iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta). Déanfar trácht ar chonas na hacmhainní seo a úsáid le torthaí foghlama na sonraíochta a bhaint amach, forbairt na scileanna teanga éagsúla, ach go háirithe. Déanfar tagairt faoi leith do thionscnamh idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Tuairisc.ie agus COGG a bhfuil acmhainní teagaisc don litríocht bhéil forbartha acu.
Breandán Mac Gearailt
Is léachtóir le hOideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Breandán Mac Gearailt. Roimhe sin, chaith sé sé bliana déag mar mhúinteoir agus príomhoide cúnta i gColáiste na Coiribe sa Ghaillimh. Tá suim faoi leith aige i dteagasc/foghlaim na Gaeilge agus sa tumoideachas/FCÁT. Tá sé bliana caite aige mar chomhairleoir oideachais le Tuairisc.ie agus bhí sé mar Stiúrthóir ar thionscnamh idir OÉ Gaillimh, Tuairisc.ie agus COGG a sholáthraigh acmhainní teagaisc don litríocht bhéil.
Emer Davitt
Is Léachtóir le hOideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í Emer Davitt. D’oibrigh sí le Foireann na Gaeilge agus leis an bhFoireann Scoil Uile de chuid na Sraithe Sóisearaí do Mhúinteoirí. Roimhe sin, chaith sí cúig bliana déag mar mhúinteoir i Meánscoil na Trócaire Cnocán Mhichil Naofa, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Tá suim faoi leith aici in oideolaíocht an mhúinteora, i dteagasc/foghlaim na Gaeilge agus an fholláine ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí. Bhí sí mar Chomhairleoir ar thionscnamh idir OÉ Gaillimh, Tuairisc.ie agus COGG a sholáthraigh acmhainní teagaisc don litríocht bhéil.
Cláraigh ag an nasc seo gaeloideachas.ie/register/ seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.