![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F11%2F17-Samh-Suiomh.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=7b8e434c)
17.11.2020 – Fóineolaíocht agus Litearthacht
17.11.2020 – Fóineolaíocht agus Litearthacht
@ Zoom
Lecture / TalkCláraigh ag an nasc seo https://gaeloideachas.ie/register/ agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.
Téama: Straitéisí praiticiúla leis an fheasacht fóineolaíochta agus scileanna litearthachta a fhorbairt sna bunranganna
Dírithe ar: Muinteoirí bunscoile
Am agus áit: 17 Samhain, 19.00, Zoom
Aoichainteoirí: Emily Barnes, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide
Is scil an-tábhachtach í an fheasacht fóineolaíochta don luathlitearthacht. Sa seimineár seo, díreofar ar an luathlitearthacht agus ar scileanna fóineolaíochta a chothú i suíomh dátheangach. Roinnfear torthaí taighde agus déanfar iad a nascadh le bealaí praiticúla le scileanna fóineolaíochta a fhorbairt sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Beidh béim ar straitéisí praiticúla gur féidir a úsáid sa seomra ranga agus ar acmhainní úsáideacha chomh maith.
Is taighdeoir í Emily Barnes sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Tá sí ag obair le foireann ABAIR.ie ar thaighde agus ábhar oideachasúil le cúig bliana anuas. Tá taighde déanta aici le páistí i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna maidir leis an bhfeasacht fóineolaíochta agus an litearthacht, agus tá súil aici tráchtas dochtúireachta a chur isteach i mbliana. Bíonn sí ag múineadh chomh maith agus ag obair le hábhair oidí i gcoláistí éagsúla.
Cláraigh ag an nasc seo https://gaeloideachas.ie/register/ agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.