Tá Gael aitheanta eile sa Tuaisceart i ndiaidh labhairt amach faoi na maslaí a thugtar dó toisc ainm Gaeilge a bheith air.
Bhí an tarcaisne a thugann daoine áirithe do dhaoine a bhfuil ainmneacha Gaeilge orthu i mbéal an phobail an tseachtain seo caite nuair a tuairiscíodh gur mhaslaigh an Barún Kilclooney, John Taylor, an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir mar gheall ar ainm Gaelach a bheith air.
B’in tríocha bliain ó shin ach bhí an masla céanna anuraidh ag Barún Kilclooney do Ghaeilgeoir aitheanta eile, Aodhán Connolly, Stiúrthóir Chuibhreannas Miondíola Thuaisceart Éireann.
Tá Taylor go mór i mbéal an phobail ó thug sé ‘The Indian’ ar Kamala Harris, Leas-Uachtarán tofa na Stát Aontaithe.
Roinn Aodhán Connolly ar Twitter an masla a thug Taylor dó.
Rinne sé an rud céanna liomsa pic.twitter.com/7a9XEjRQ94
— Aodhán Michael Connolly (@MichaelAodhan) November 11, 2020
Dúirt Aodhán Connolly le Tuairisc.ie nár rud neamhghnách ar fad é masla John Taylor.
“Díreach cúpla seachtain ó shin dúirt duine ar Twitter fúm, You Can tell immediately because he has Gaelicised his name where his bias is,” a dúirt sé
Dúirt sé nach nglacann sé ar chor ar bith leis na maslaí faoina ainm.
“Sin an t-ainm a thug mo thuismitheoirí dom agus an t-ainm atá scríofa ar mo theastas breithe. Ní ghlacaim leis gur ainm ‘do-ráite’ nó ainm é atá deacair le rá agus ní ceart go mbeadh fadhb ag duine ar bith le hainm duine eile,” a dúirt Aodhán Ó Conghaile le Tuairisc.ie.
Dúirt Aodhán Connolly go raibh plé ar siúl ar líne faoi mhargadh Breatimeachta Theresa May nuair a mhaslaigh John Taylor é.
“Rinne sé an rud ceannann céanna tríocha bliain ó shin nuair a mhaslaigh sé ainm Ghearóid Uí Mhuilleoir agus is olc an rud é nár tháinig athrú nó fás intinne air le linn na tréimhse sin.”
Dúirt Connolly nach raibh iontas ar bith air gur mhaslaigh Taylor Kamala Harris, leas-Uachtarán tofa na Stát Aontaithe “go poiblí”.
Dúirt Connolly go “léiríonn” na maslaí “go leor faoin fhear é féin seachas aon rud eile”.
“Is léir gur fear é atá sásta a bheith maslach faoi chultúr, faoi chine agus faoi theangacha daoine eile,” a dúirt Aodhán Connolly.
Mhaígh Taylor nach raibh ainm Kamala Harris ar eolas aige nuair a scríobh sé an tvuít agus nach raibh aon chiníochas i gceist.